An difríocht idir athruithe ar: "Leonid Brezhnev"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 75 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q765165 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 20:
== A óige ==
Rugadh Brezhnev i gKamenskoe (inniu: Dniprodzerzhyns'k) san [[An Úcráin|Úcráin]], agus b'iad a thuismitheoirí Illya Yakovlevich Brezhnev, fear oibre i dteilgcheárta cruach, agus a bhean
Sna blianta [[1935]]-[[1936|36]], bhí Brezhnev sna saighdiúirí ina choinscríofach. Rinne sé cúrsa foghlama i scoil tancanna, agus ina dhiaidh sin, chaith sé seal ina choimeasár polaitiúil i monarcha tancanna. Sa bhliain 1936, cuireadh ag obair in Dnepropetrovsk é, agus sa bhliain [[1939]], rinneadh Rúnaí Páirtí in Dnepropetrovsk de. Ansin, chuaigh sé i gceannas ar thionsclaíocht armálacha na cathrach.
Líne 51:
Ar an 14 Deireadh Fómhair, agus Khrushchev ar saoire, d'imir na comhcheilgeoirí a gcleas. Chuaigh Brezhnev agus Podgornyi i bhfianaise an Lárchoiste ag lochtú Khrushchev faoi dhrocheacnamaíocht, thíorántacht (is é an téarma a cheap siad le tagairt d'ansmacht Khrushchev ná ''voluntarizm'') agus dhrochbhéasaíocht. Ceapadh Brezhnev ina Chéad Rúnaí ar an bPáirtí, b'é Kosygin a d'iompaigh ina Phríomh-Aire, agus rinneadh Uachtarán d'Anastas Mikoyan. (Sa bhliain 1965, d'éirigh Mikoyan as, agus tháinig Podgornyi ina áit.)
Nuair a bhí Khrushchev ina neart, bhí Brezhnev ag tacú leis an bpolasaí a bhí aige tíorántacht Stailín a nochtadh agus a phoibliú, éiric a mbrise a thabhairt do na hiar-phríosúnaigh agus an saol cultúrtha agus intleachtúil a thabhairt chun liobrálachais.
Sa bhliain 1968, bhuail an chéad ghéarchéim rialtas Bhrezhnev. Ansin, bhí ceannairí Cumannacha na Seicshlóvaice, faoi cheannas [[Alexander Dubček]], ag iarraidh an córas Cumannach a liobrálú ("Earrach Phrág"). I Mí Iúil, chuir Brezhnev i leith na Seiceach go raibh siad ag féachaint leis an gCumannachas a "athbhreithniú", go raibh siad ag dul le "frith-Shóivéadachas", agus, i Mí Lúnasa, chuir sé gairm shlógtha ar thíortha Chonradh Vársá an tSeicshlóvaic a ionsaí agus rialtas Dubček a chloí. Chuaigh na heasaontóirí ag agóidíocht sna sráideanna i gcathracha Sóivéadacha. B'é an freagra a thug Brezhnev go raibh an tAontas Sóivéadach i dteideal ladar a chur i gcúrsaí inmheánacha na dtíortha Sóisialacha eile le tarrtháil a thabhairt don tSóisialachas. B'é seo "foirceadal Bhrezhnev", mar a bhaist na hiriseoirí Iartharacha air, ach le fírinne, ní raibh ann ach seanpholasaí Sóivéadach, nó bhí ceannairc eile den chineál chéanna cloíte ag Khrushchev san Ungáir sa bhliain 1956.
|