An difríocht idir athruithe ar: "Liam Ó Loingsigh"

Content deleted Content added
ceartúcháin ar an teanga.
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
{{glanadh-mar|Gramadach, litriú, srl}}
[[FileÍomhá:Liamlynchira.jpg|thumb|Liam Ó Loingsigh]]
Bhí '''Liam Ó Loingsigh''' ([[Béarla]]: ''Liam Lynch''; [[9 Samhain]], [[1893]] – [[10 Aibreán]], [[1923]]) ina oifigeach ar [[Óglaigh na hÉireann]] i rith [[Cogadh na Saoirse|Chogadh na Saoirse]] agus ina ghinearál ar na fórsaí a throid i gcoinne [[Conradh Angla-Éireannach|an chonartha]] i rith [[Cogadh Cathartha na hÉireann|Chogadh Cathartha na hÉireann]].
 
Líne 11:
I g[[Corcaigh]], chuir Ó Loingsigh eagar ar na hÓglaigh ansin sa bhliain [[1919]], agus i rith an chogaidh bhí sé ina Cheannfort ar Bhriogáid 2 den [[IRA]]. Chabhraigh Ó Loingsigh le gabháil an oifigigh Shasanaigh Ginearál Lucas, i Mí [[Meitheamh]], [[1920]]. Lámhachadh Coirnéil Danford i rith na heachtra. D'éalaigh Lucas nuair a bhí sé ina chime ag fir an IRA as [[Contae an Chláir]]. Gabhadh é féin, agus oifigigh eile as Briogáid 2, i Halla Cathrach Corcaigh i mí [[Lúnasa]], [[1920]]. Gabhadh [[Traolach Mac Suibhne]], méara Corcaigh - a fuair bás de bharr stailc ocrais i bpríosún. Thug an Loingseach ainm bréige, agus ligeadh saor é trí lá níos déanaí. I rith an ama céanna, bhí na Sasanaigh tar éis beirt a mharú, ag ceapadh gur Liam a bhí iontu (bhí an t-ainm céanna acu).
 
I mí [[Meán Fómhair|Meán Fómhar]], [[1920]], chuaigh sé féin agus Ernie Ó Mháille, le buíon go Mala le ceanncheathrú saighdiúirí na Breataine sa bhaile sin a ghabháil. Ghabh siad na hairm go léir a bhí sa dún agus chuir siad an foirgneamh trí thine. Roimh dheireadh na bliana [[1920]], fuair briogáid Uí Loingsigh an bua ar fhórsaí na Sasanaigh i dhá luíochán. Lean sé leis an dtreallchogaíocht i dtús na bliana [[1921]]. Ach maraíodh deichniúr óglach le linn an fheachtais, agus gabhadh 8 eile i Mainistir Na Morna, agus theip ar luíochán ar traein ag Upton.
 
I mí [[Aibreán|Aibreáin]] [[1921]], atheagraíodh an t-IRA arís bunaithe ar réigiúin. Bhí an méid clú agus cáil bainte amach ag Liam gur ceapadh é ina Cheannfort ar chéad rannán an deiscirt. Ón am seo go dtí an sos cogaidh a chuir deireadh leis an gcogadh i mí [[Iúil]] [[1921]], bhí an rannán seo faoi bhrú de bharr méadú fórsaí na Sasanaigh sa Deisceart agus rinneadh atheagrú ar an bhfórsa seo mar threallchogaithe. Nuair a tháinig an sos cogaidh bhí Loingsigh sásta toisc an easpa airm a bhí aige, ach cheap sé go leanfadh an cogadh ar aghaidh ar ball.
 
Níor ghlac sé le téarmaí an Chonradh Angla Éireannaigh agus throid sé in aghaidh an tSaorstáit sa Chogadh Cathartha a lean é. Ní raibh aon rath ar a chuid iarrachtaí agus buadh ar na poblachtánaigh sa chogadh gearr seo. Fuair sé bás de ghortaithe tar éis gur éirigh le fórsaí an tsaorstáit a chuid fear a thimpeallú i mí Aibreáin 1923. Nior mhair an cogadh i bhfad tar éis a bháis.