An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Seosamh Ó Rathaille"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Nasc go dtí Robert Erskine Childers, ní a mhac
Líne 2:
[[Íomhá:The_O'Rahilly_Ballylongford3.jpg|190px|thumb|]]
 
Níos tabhachtaí fós, bhí sé ar duine de bhunaitheoirí [[Óglaigh na hÉireann]]. Le cabhair [[Robert Erskine Childers|Erskine Childers]] agus na Gearmáine, d'eagraigh sé an chéad lastas arm leis na hÓglaigh a armáil. Raidhfilí Mauser a bhí ann, agus iad le teacht i dtír i m[[Binn Éadair]].
 
Ní raibh sé ina bhall de [[Bráithreachas na Poblachta|Bhráithreachas na Poblachta]], agus dá thoradh sin ní raibh a fhios aige go raibh an t[[Éirí Amach na Cásca|Éirí Amach]] ar na bacáin. Rinne an Bráithreachas iarracht na pleananna a choinneáil folaithe ar dhaoine mar [[Bulmer Hobson]], [[Eoin Mac Néill]] agus Ó Raithille, nó bhí siad den bharúil nár chóir dul chun ceannairce ar na Sasanaigh, mura mbeidís siúd ag iarraidh na hÓglaigh a ionsaí. Nuair a fuair Bulmer Hobson amach faoi na pleananna, d'fhuadaigh an Bráithreachas é, ar eagla go sceithfeadh sé orthu, ach ansin, chuala an Rathailleach iomrá ar an bhfuadach. Chuaigh sé go Scoil Éanna le labhairt le [[Pádraig Mac Piarais]]. Bhí fearg an domhain air, agus bhagair sé aon duine a lámhach a dhéanfadh iarracht an cleas céanna a imirt airsean. D'éirigh leis an bPiarsach maolú ar a fhearg, ach mar sin féin, bhí sé meáite ar an Éirí Amach a chosc. I ndiaidh dó imeacht leis ó scoil an Phiarsaigh, chaith sé an oíche ar fad ag tiomáint timpeall na tíre, agus é ag tabhairt orduithe ó [[Eoin Mac Néill]] do cheannairí na nÓglach i [[Contae Luimnigh|Luimneach]], i g[[Contae Chorcaí|Corcaigh]], i g[[Contae Chiarraí|Ciarraí]], agus i d[[Contae Thiobraid Árann|Tiobraid Árann]] staonadh ón gcath. Mar sin, d'éirigh leis an tÉirí Amach a stopadh sa tír ar fad, ach amháin i m[[Baile Átha Cliath]] féin.