An difríocht idir athruithe ar: "Litríocht na Rúise"

Content deleted Content added
m fixing dead links
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 56:
Chuaigh "Maolú Khrushchev" (i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí) ar sochar don litríocht sa mhéad gur cheadaigh sé saoirse éigin intinne agus cumadóireachta. Chruinníodh na sluaite chun filíocht a chloisteáil á léamh ag [[Yevgeny Yevtushenko]], [[Andrei Voznesensky]], [[Robert Rozhdestvensky]] agus [[Bella Akhmadulina]].
 
[[FileÍomhá:A solzhenitsin1.jpg|thumb|100px|[[Aleksandr Solzhenitsyn]]]]
D'éirigh le heasaontóirí ar nós [[Varlam Shalamov]], [[Aleksandr Solzhenitsyn]] (a ghnóthaigh Duais Nobel) agus [[Vasily Grossman]] cuid dá saothar a fhoilsiú sna seascaidí, ach níor mhair an Maolú chomh fada leis na seachtóidí. Bhí ar a lán scríbhneoirí a dtír a fhágáil: D'imigh Solzhenitsyn, [[Joseph Brodsky]] (Duais Nobel), [[Vasily Aksyonov]], [[Eduard Limonov]], [[Sasha Sokolov]] agus [[Sergei Dovlatov]]. Bhí éileamh ar ar scríobh siad, áfach, i bhfoirm "féinfhoilseachán" (samizdat) a chuireadh léitheoirí amach de lámh.