An difríocht idir athruithe ar: "Cuán mara"

Content deleted Content added
ábhar níos fearr as Fréamh an Eolais
No edit summary
Líne 12:
}}
 
Is [[Echinoidea]] é '''cuán mara''', [[inveirteabrach]] muirí cruinneogach cuasach, de ghnáth. An cholainn déanta as plátaí cnámharlaigh, siúnta le chéile, ag iompar spíonta inghluaiste. An t-anas ar an [[dromchla]] uachtarach de ghnáth, agus an béal ar an dromchla íochtarach. Tugtar ''laindéar Arastatail'' ar an ngaireas casta giall. Beathaíonn sí trí chartadh, iníor nó ionghabháil dríodair. Timpeall 950 [[speiceas]] beo ann, agus timpeall 5,000 speiceas iontaisithe. [[Sliogiasc]] coitianta ar chósta na [[Éire|hÉireann]]. Tá cineál amháin ann a bhfuil cruth liathróide air agus é clúdaithe le deilgíní corcra. An-tóir ag Seapánaigh is [[Francaigh]] ar an gceann seo mar bhia: na heochraí milse a itear. Tá eolaithe in Éirinn ag déanamh dianstaidéir air agus é mar aidhm acu iad a chur ag síolrú is ag fás sa ghorlann.
 
{{Fréamh an Eolais}}