An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 31:
Nuair a thosaigh siad ag stiúgadh le hocras, bhí arbhar á easpórtáil as Éirinn i gcónaí. Bhí cuid mhór daoine an-mhíshásta leis seo, agus iad inbharúla go bhféadfaí an t-arbhar seo a roinnt ar lucht an ocrais. Bhí sé ní ba shaoire an coirce a easpórtáil agus arbhar Indiach a cheannach ó na Meiriceánaigh ná an coirce a choinneáil sa bhaile mar scamhard do na bochta. B'é oighear an scéil, áfach, nár thosaigh an t-arbhar iompórtáilte ag tonnadh isteach ó na Stáit ach le teacht an earraigh [[1847]], agus mar sin, fuair na sluaite móra bás idir an dá linn, i rith an fhómhair agus an gheimhridh.
 
Má rinne lucht roinnte na rilífe a ngearán faoi seo leis an Státchíste, ní bhfuair siad ach cur ó dhoras: fágaigí faoin tsaorthrádáil agus faoin saormhargadh an fhadhb a fhuascailt! Faoin am seo, bhí Peel éirithe as mar Phríomh-Aire cheana féin, agus rialtas nua curtha i dtoll le chéile as measc pholaiteoirí Pháirtí na bhFuigithe. Ba é [[John Russell, 1ú Iarla Russell|John Russell]] an Príomh-Aire, agus [[Charles Trevelyan]] i gceann an Státchíste. Saorthrádálaí dian a bhi ann, mar Trevelyan, agus é den tuairim nach dtarraingeodh sé ach tuilleadh trioblóide ar Éirinn agus ar an Ríocht Aontaithe go léir dá bhféachfadh an Rialtas lena ladar a chur in iomaíocht nádúrtha na bhfórsaí margaidh. Níor thuig sé, áfach, go raibh córas na heacnamaíochta féin chomh tearcfhorbartha in Iarthar na hÉireann agus nach bhféadfadh na daoine bia ar bith a cheannach – ní hamháin go raibh siad bocht, ach is ar éigean má bhí ciall ar bith acu don airgead, chomh hannamh is a d'fheicidís é mar rud.
 
== An Gorta ag Pléascadh Amach ==