An difríocht idir athruithe ar: "Madog ap Maredudd"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 6 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q2670614 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
An prionsa deireanach de chuid [[Ríocht Powys]] sa [[An Bhreatain Bheag|Bhreatain Bheag]] ab ea é '''Madog ap Maredudd''' ([[Meán-Bhreatnais]]: ''Madawg mab Maredud'', ''Madawc mab Maredut''; cailleadh é sa bhliain 1160).
 
== Saol ==
Mac le [[Maredudd ap Bleddyn]] agus garmhac [[Bleddyn ap Cynfyn]] ab ea Madog. Tháinig sé i gcomharbacht ar Ríocht Powys, tar éis bhás a athar sa bhliain 1132. Bhí sé páirteach i [[Cath Lincoln|gCath Lincoln]] sa bhliain 1141, ag tacú [[Iarla Chester]], i dteannta [[Cadwaladr ap Gruffydd]] (dearthár [[Owain Gwynedd]]) agus airm mhóir Bhreatnaigh.
Taifeadadh sa bhliain 1149 gur thug sé an [[cwmyd]] [[Cyfeiliog]] dá chol cheathracha, [[Owain Cyfeiliog]] agus [[Meurig]]. Sa bhliain chéanna, athtógadh caisleán [[Oswestry]], dún [[William Fitzalan]].
 
== Briseadh le Gwynedd ==
Ag an dtaca seo, bhí Madog agus Powys faoi bhrú [[Owain Gwynedd]], Rí [[Gwynedd]], cé go raibh Madog pósta le Susanna, deirfiúr Owain. Rinne Madog comhaontas le [[Ranulf de Gernon]], an 4ú Iarla Chester, ach bhuaigh Owain orthu ag [[Cath Ewloe]] sa bhliain 1150 agus ghlac sé seilbh ar thailte Madog in [[Iâl]]. Nuair a rinne Rí [[Anraí II Shasana]] ionradh ar Gwynedd sa bhliain 1157, fuair sé tacaíocht ó Mhadog, a ghlac seilbh ar a chuid tailte arís. De réir dealraimh, chuaigh sé ar fheachtas le hAnraí chuig [[Toulouse]], ach theip orthu. Cailleadh Madog ina dhiaidh sin agus é ag filleadh abhaile, ar an [[9 Feabhra]], 1160 ag [[Caisleán Whittington]]. Adhlacadh é sa séipéal [[Naomh Tysilio]] i [[Meifod]], príomh-shéipéal Powys.
 
== Comharbacht ==
Cailleadh an mac ba shine Madog, Llywelyn, i ndiaidh bhás a athar, agus roinneadh Powys i measc mhic agus nianna Madog. Níor aontaíodh Powys arís go deo, agus scoilteadh i dhá leath é: [[Powys Fadog]] (Powys Íochtarach) agus Powys Wenwynwyn (Powys Uachtarach).
 
== An Mabinogion ==
Tá an scéal “Brionglóid Rhonabwy” suite le linn réimeas Madog. Giolla Madog is ea príomhcharactar an scéil.
 
== Páistí ==
* [[Llywelyn ap Madog]]
* [[Gruffydd Maelor]]