An difríocht idir athruithe ar: "Millbrook, Victoria"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 18:
|cód_poist = 3352
|staitistic_eile_teideal = Crios ama
|staitistic_eile= AEST (UTC+10)<br />AEDT (UTC+11)
|líonláithreán =
}}
 
Ceantar tuaithe in [[Victoria]] na hAstráile is ea '''Millbrook'''<ref>[[Gaeilge]]: Sruth an Mhuilinn</ref> agus é nócha ciliméadar soir ó thuaidh de Melbourne. Thugtaí "Moorabool" air ach athraíodh é toisc go raibh an t-ainm céanna ar cheantar in aice le Geelong. Roghnaíodh an t-ainm "Millbrook" toisc gur thóg Matthew Butterly muileann plúir ar bhruach abhainn an Moorabool Thiar<ref>http://services.land.vic.gov.au/vicnames/historicalInformation.html?method=edit&id=6192 Seiceáladh ar 6 Meán Fómhair 2013</ref>
 
Tá an seanbhóthar mór idir Melbourne agus Ballarat ag rith tríd, bóthar a thugadh na mianadóirí go dtí órcheantar Ballarat sna 1850í. Talamh droimneach atá ann, é measartha crannach fós agus an Moorabool Thiar, abhainn chaol, ag rith tríd. Is é an áit is airde sa cheantar an Cnoc Dubh (''Black Hill''). D'fhág na hÉireannaigh lorg ar leith ar an gceantar.