An difríocht idir athruithe ar: "Máire Mhic Giolla Íosa"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 45 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q174662 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 20:
 
== Saol ==
Saolaíodh Máire Pádraigín Ní Lionnacháin in [[Ard Eoin]] i m[[Béal Feirste]] ar an [[27 Meitheamh]], [[1951]], an duine is sine de naonúr clainne: ba í an chéad uachtarán a rugadh agus a tógadh i dTuaisceart Éireann. Is Caitliceach í. Bhí [[na Trioblóidí]] faoi lán seoil agus í ag fás aníos, agus chuir dílseoirí iachall ar mhuintir Uí Lionnacháin ceantar Ard Eoin a fhágáil. Bhain Máire céim le dlí amach ó [[Ollscoil na Ríona]] i mBéal Feirste sa bhliain [[1973]] agus glaodh chun [[Barra Thuaisceart Éireann]] í sa bhliain [[1974]]. Sa bhliain [[1975]], ceapadh í mar Ollamh Reid le [[Dlí Coiriúil]], [[Coireolaíocht]] agus [[Pionóseolaíocht]] i g[[Coláiste na Tríonóide]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Sa bhliain [[1976]] phós sí an [[Dr. Máirtín Mac Ghiolla Íosa]], cuntasóir agus fiaclóir. Tá triúr clainne orthu, Emma, a rugadh sa bhliain [[1982]] agus cúpla, Justin agus SaraMai, a rugadh sa bhliain [[1985]].
 
D'fhill sí ar Ollscoil na Ríona sa bhliain [[1987]] nuair a ceapadh í mar Stiúrthóir ar [[Institiúid an Léinn Dlí Ghairmiúil]]. Bhí sí ina hiarrthóir d'[[Fhianna Fáil]] in olltoghcán 1987, ach níor toghadh í. Sa bhliain [[1994]], ceapadh í mar an chéad Leas-Seansailéir Cúnta mná riamh ar Ollscoil na Ríona Béal Feirste.