An difríocht idir athruithe ar: "Mícheál Ó Coileáin"

Content deleted Content added
Replace image with alt (previous deleted from Commons)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 21:
|}}
 
Ba cheannaire míleata agus polaiteoir [[Éire]]annach é '''Mícheál Eoin Ó Coileáin''' nó ''Míċeál Ó Coileáin'' (''Michael Collins'' an [[Béarla|Bhéarla]]; [[16 Deireadh Fómhair]], [[1890]] – [[22 Lúnasa]], [[1922]]) a rugadh i g[[Contae Chorcaí]]. Bhí sé beartach i g[[Cogadh na Saoirse in Éirinn|Cogadh na Saoirse]], agus bhí sé ina bhall den toscaireacht Éireannach a shínigh an [[Conradh Angla-Éireannach]] i [[1921]]. Ba theachtaí iad ó rialtas sealadach [[an Chéad Dáil|na Chéad Dála]]. De dheasca an chonartha seo a chuaigh an [[Críochdheighilt na hÉireann|chríochdheighilt]] ar Éirinn, agus í i bhfeidhm sa lá atá inniu ann. Níor thug [[Eamon de Valera|de Valera]] aitheantas don Chonradh, ach chuaigh sé i gceannas ar na fórsaí frith-Chonartha. Mar sin a cuireadh tús leis an [[Cogadh Cathartha na hÉireann|gCogadh Cathartha]]. Bhí an Coileánach chun tosaigh ar na fórsaí a bhí ag cur in aghaidh de Valera sa chogadh seo.
 
Bhí gean ag [[Gael|Gaeil]] ar an gCoileánach, agus é ina laoch mór acu chomh cróga is chomh beartach a bhí sé, ach mar sin féin, fuair sé bás ó lámh Éireannaigh i [[Béal na mBláth|mBéal na mBláth]] in iarthar [[Contae Chorcaí|Chorcaí]]. Scríobh [[Tim Pat Coogan]] beathaisnéis faoi as Béarla, agus sa bhliain [[1985]], d'fhoilsigh [[Pádraig Ó Braoin]] beathaisnéis Gaeilge <ref>Ó BRAOIN, Pádraig: ''Mícheál Ó Coileain'', Éigse na Mainistreach, 1985</ref>.
Líne 86:
 
== An Conradh ==
[[FileÍomhá:Michael Collins 1921.jpg|thumb|An Coileánach sa bhliain 1921]]
 
Is é an toradh a tháinig as na comhchainteanna ná an [[Conradh Angla-Éireannach]], agus b'é an Conradh seo ba bhunús le stát nua Éireannach, mar atá, [[Saorstát Éireann]]. Bhí forálacha ann le haghaidh stát uile-Éireannach, ach san am céanna, d'fhág sé ar chumas sé chontae in oirthuaisceart an oileáin tarraingt siar as an stát seo, rud a rinne siad gan mhoill. Bhí sé leagtha amach sa Chonradh go gcaithfí coiste ar leith a chur ag obair leis an teorainn a atarraingt, dá dtogródh [[Tuaisceart Éireann|na Sé Chontae]] a leithéid a dhéanamh, agus is é an rud a bhí ar intinn an Choileánaigh go bhféadfaí, ar an mbealach seo, limistéar an stáitín thuaisceartaigh a laghdú an oiread sin is nach bhfágfaí maireachtáil ar bith ann ar chúrsaí eacnamaíocha. Bhí an beart sin incheaptha san am, nó bhí cónaí ar an gcuid ba mhó den phobal [[Aontachtach]] taobh istigh de shrianta cúnga in oirthear [[Uladh]].
Líne 120:
 
== An Cogadh Cathartha agus Bás an Choileánaigh ==
[[FileÍomhá:Michael Collins 1922.jpg|thumb|Ó Coileáin ag caint i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1922]]
I Mí Aibreáin sa bhliain 1922, shealbhaigh dhá chéad Óglach frith-Chonartha [[na Ceithre Cúirteanna]] i m[[Baile Átha Cliath]] i ndiúnas ar an Rialtas Sealadach. Bhí an Coileánach ag iarraidh cogadh cathartha a sheachaint, agus mar sin, staon sé ón bhfoirgneamh a ionsaí, go dtí nár fhág na Gaill an dara rogha aige. Ar [[22 Meitheamh|an dóú lá fichead de Mhí an Mheithimh]], mharaigh beirt Óglach Sior [[Henry Wilson]], ginearál Gallda ar pinsean, i m[[Belgravia]] i Londain. San am sin, chreid an saol mór gurbh iad na hÓglaigh fhrith-Chonartha a rinne an obair. Bhagair [[Winston Churchill]] ar an gCoileánach [[Arm na Breataine]] a chur go Baile Átha Cliath leis na frith-Chonraitheoirí a chaitheamh amach as na Ceithre Chúirteanna, mura mbeadh an Coileánach sásta é a dhéanamh.
 
Líne 138:
 
Iad siúd a tháinig slán as pianta breithe na hÉireann, fir ar nós Éamon de Valera, [[Liam Tomás Mac Cosgair]], Risteard Ó Maolchatha agus Eoin Ó Dufaigh, choinnigh muintir na hÉireann cuimhne ar an dóigh ar éirigh leo an stát a chur ar bun agus a choinneáil ag imeacht. An Coileánach, arís, ó cailleadh chomh hóg sin é, ní chuimhnítear air ach mar idéalaí óg radacach nach gcaithfeadh riamh fadhbanna na síochána a fhuascailt.
[[FileÍomhá:Michael Collins by John Lavery.jpg|thumb|'' Michael Collins (Love of Ireland)''; Pictiúr le [[John Lavery]] ]]
 
Chuaigh de Valera i gcuimhne na ndaoine mar sheanfhear caoch ag caitheamh deireadh a shaoil leath ina phinsinéir ina Uachtarán ar Éirinn sna seascaidí agus i dtús na seachtóidí. Is é an chuimhne a choinnítear ar [[Liam Mac Cosgair]] ná gurbh eisean an Taoiseach ar thit sé ar a chrann cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina seasamh arís i ndiaidh tuairteáil an stocmhalartáin sa [[Wall Street]]. Is é an rud is túisce a ritheann leis na daoine faoi Risteard Ó Maolchatha gurbh eisean a d'údaraigh bású na gcimí i rith an Chogaidh Chathartha. Maidir le hEoin Ó Dufaigh, b'eisean an póilín a chuaigh le polaitíocht agus a thug taithneamh d'fhaisisteachas [[Francisco Franco]]. An Coileánach, áfach, ní raibh sé i ndán dó a lámha a shalú i gcúrsaí na polaitíochta iarchogaidh. Eisean an fear óg glórmhar scafánta a bhí ábalta idir Phoblacht, Chonradh agus inspioráid mhillteanach a thabhairt do mhuintir na hÉireann, agus a fuair bás sular tháinig bláth ceart air, go díreach nuair a bhí a thír dhúchais ar thairseach an neamhspleáchais.