An difríocht idir athruithe ar: "Newark, New Jersey"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 67 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q25395 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 25:
Bunaíodh Newark sa bhliain 1666 nuair a lonnaigh grúpa Piúratánach ann faoi cheannas Robert Treat. B'as Coilíneacht [[New Haven]] in [[Connecticut]] dóibh. Tharla seo dhá bhliain tar éis do na Sasanaigh an réigiún a bhaint de na h[[An Nua-Isiltír|Ollannaigh]]. D’fhás an chathair go mór sa 19ú haois agus sa chéad leath den 20ú haois mar gheall ar bhorradh na tionsclaíochta.
 
Sa dara leath den 20ú haois tháinig meath suntasach ar an chathair agus an tionsclaíocht ag dul i léig. Chuaigh fadhbanna ciníocha in olcas, go háirithe sna 1960í agus sna 1970í, agus sa bhliain 1967 bhí círéibí i gcomharsanachtaí bochta gorma. Fuair sé dhuine is fiche bás iontu agus scriosadh na céadta gnólacht. D’imigh an mheánaicme, idir ghorm agus bhán, de réir a chéile, agus aghaidh a bhformhóir ar na fobhailte. Laghdaigh an daonra ó 442,337 sa bhliain 1930 go dtí 405,220 sa bhliain 1960, agus go dtí 273,546 sa bhliain 2000. Leagadh roinnt bloic mhóra árasán sa dara chuid den tréimhse seo.
 
Thosaigh feabhas ag teacht ar Newark sna 1990í. Sa bhliain 2006 tháinig beocht i stiúradh na cathrach nuair a toghadh [[Cory Booker]] mar mhéara, ce go bhfuil méid mór coireanna á ndéanamh fós. De réir mheastachán Bhiúró an Daonáirimh, bhí 278,980 duine sa chathair sa bhliain 2008.