An difríocht idir athruithe ar: "Nioclás II na Rúise"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q40787 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 19:
B'é '''Nioclás II''' ([[Rúisis]]: '''Николай II''') ([[18 Bealtaine]], [[1868]] – [[17 Iúil]], [[1918]]) [[Sár]] deireanach na [[An Rúis|Rúise]]. Chaill sé a choróin sa bhliain [[1917]], tar éis [[Réabhlóid na Feabhra]], agus chuir [[Léinín]] agus an páirtí [[Boilséiveach]] é chun báis sa bhliain 1918, i ndiaidh [[Réabhlóid Dheireadh Fómhair]].
 
B'é an t-ainm iomlán a bhí air '''Nikolai Aleksandrovich Romanov''' (Rúisis: Николай Александрович Романов), ach thugtaí Nioclás II, Impire agus Uathlathaí na hUile Rúise. Tugtar na leasainmneacha '''An Mairtíreach Nioclás''' agus '''Nioclás Fuilteach''' air freisin.
 
== Tús a shaoil ==
Líne 29:
== Clann ==
 
Fuair Nioclás an choróin sa bhliain [[1894]], agus phós sé Alexandra ar an [[26 Samhain|26ú lá de Mhí na Samhna]] sa Phálás Geimhridh. Saolaíodh cúigear páistí dóibh, mar atá, Olga, Tatiana, Maria, Anastasia, agus Alexei. Ní raibh tús maith ag Nioclás mar Shár, nó fuair míle duine bás ag an gcorúnú i [[Moscó]], i dtubaiste [[Khodynka]]. Bhí fadhb aige freisin lena mhac Alexei, a rugadh ar an [[12 Lúnasa|dóú lá déag de Mhí Lúnasa]] sa bhliain [[1904]]. B'é Alexei a bheadh ina Shár i ndiaidh a athar, ach fuair siad amach go raibh [[haemaifilia]] air. Galar contúirteach is ea í inniu féin, ach bhí sí i bhfad ní ba chontúirtí sna laethanta seo. Ní raibh aon leigheas ann, agus d'fhaigheadh na hothair bás go hóg. Níor mhaith leis an lánúin Impiriúil scaoll a chur sna daoine, agus mar sin, ní dúirt siad a dhath faoi ghalar Alexei le haon duine taobh amuigh den teach.
 
Bhí an Banimpire Alexandra ag éirí éadóchasach faoi Alexei. An manach rúndiamhrach a bhí ina cheanán ag an teaghlach Impiriúil, [[Grigori Rasputin]], thug sé le fios go raibh sé in ann maolú ar ghalar Alexei, agus cheap Alexandra gur tháinig an chabhair seo go díreach ó Dhia agus gur fear naofa a bhí i Rasputin. Mar sin, d'éirigh le Rasputin an-údarás a fháil i saol an Impire agus an-tionchar a imirt ar a chuid comhairlí polaitiúla. Níor thaitin seo le cách san Impireacht, agus bhí scéalta náiriúila faoi Rasputin ag dul timpeall a tharraing míchlú ar an lánúin Impiriúil.