An difríocht idir athruithe ar: "Oileán Mhanann"

Content deleted Content added
No edit summary
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 40:
|glaochód=44<sup>2</sup>
|fonótaí=(1) Ar chothrom leis an b[[punt steirlinn]]<br /> (2) Cód cheantair [[an Ríocht Aontaithe|RA]] 1624|}}
Is [[spleáchríoch de Choróin]] [[an Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] í '''Ellan Vannin''' (ɛlʲən vanɪn) - '''Manainn''' na Gaeilge (nó '''Oileán Mhanann'''). I [[Muir Éireann]] atá sí suite agus í comhchóngarach d'Éirinn, d'Albain, do Shasana agus don Bhreatain Bheag. Deirtear gur ó [[Mhanannán Mac Lir]], dia farraige na sean-Ghael, a thagann an t-ainm. Tá an oileán ina oidhre ar dhúchas Gaelach, agus dá chomhartha sin bhí [[Manainnis|Gaeilge Mhanann]] á labhairt mar theanga mhionphobail go dtí tús an [[20ú haois]], cé gurbh fhada Manainn faoi anáil na Lochlannach agus na Sasanach.
 
== Teanga ==
Líne 47:
== Stádas ==
[[Íomhá:IoM.JPG|left|200px|thumb|Pictiúir [[Saitilít (spásárthach)|saitilíte]] Oileán Mhanann]]
Pobal [[Gael]]-[[Lochlannaigh|Lochlannach]] a bhí i Manainn ón mbliain 850 AD nó thart air sin, rud a d'fhág a lán logainmneacha agus an Tinbheal (Tynwald) féin mar oidhreacht. Bhí Manainn á rialú ag ríthe [[Sasana|Shasana]] agus na [[Alban|hAlban]] gach re seach agus tháinig faoi smacht feodach Choróin Shasana; fuair an Choróin tiarnas an oileáin sa bhliain 1765, ach lean an t-oileán air á rialú féin.
 
Cuireann Manainn stampaí agus nótaí dá cuid féin amach mar chomhartha ar í a bheith ina spleáchríoch chorónach agus gan baint bhunreachtúil aici leis an [[An Ríocht Aontaithe|Ríocht Aontaithe]]. Ní ball ná ball comhaltais de chuid an [[an tAontas Eorpach|Aontais Eorpaigh]] í ach oiread.
 
Sa bhliain 979 a bunaíodh an Tinbheal. Bunaíodh oireachtais na [[An Íoslainn|hÍoslainne]] agus [[Oileáin Fharó|Oileáin Faró]] roimhe sin ach bhí siad ar ceal ar feadh tamaill sa [[19ú haois]]. Bíonn tionól ann Mí Iúil agus tagtar tuairisc achomair ar na dlíthe a ritheadh an bhliain roimhe sin. Tá dhá theach sa Thinbheal, an ''Kiare as Feed'' (Teach na nEochracha, agus ceithre chomhalta thofa is fiche ann) agus an Chomhairle Reachtais (naonúr neamhthofa). Tá Comhairle Airí ann agus Céad Aire i gceannas uirthi.
 
Is é [[Monarcacht|Monarc]] Shasana, faoin teideal "Tiarna Mhanann", an ceann stáit. Is minic rialtas [[Londan]], mar sin, ag déanamh "Orduithe sa Chomhairle" i dtaobh ghnóthaí an oileáin. Anois is arís athraítear an dlí de réir dhlí Shasana nó, níos minice, de réir rialachán de chuid an Aontais Eorpaigh.
Líne 60:
 
==== Saoránacht ====
Tá saoránacht i Manainn de réir dhlí na Ríochta Aontaithe. Eisítear pasanna a deir ''"British Islands - Isle of Man"'', agus ''"British Citizen"'' mar stádas náisiúntachta. Ach níl na cearta céanna ag Manannaigh is atá ag saoránaigh Bhriotanacha eile i ngeall ar fhostaíocht agus ar bhun a dhéanamh san Aontas Eorpach, murar rugadh seanathair nó seanmháthair leo sa RA nó mura raibh siad féin ina gcónaí ann ar feadh cúig bliana as a chéile. Is féidir le saoránach Briotanach ar bith pas Manannach a fháil ach é a bheith ina chónaí i Manainn nó baint a bheith aige le Manainn.
 
==== Daonra ====
Líne 68:
 
==== Tíreolaíocht ====
Tá cnoic thuaidh agus theas, agus gleann eatarthu. Tá an chuid is faide ó thuaidh den oileán an-chothrom ar fad, agus fosuithe fágtha ag oighearshruthanna ó iarthar na hAlban ann. Tá tránna faoi dhuirling ann a rinneadh níos déanaí. Is é [[Sniaull]] (''Snaefell'') an sliabh is airde.
 
Tá roinnt oileán in aice le Manainn, agus roinnt daoine ina gcónaí ar cheann acu, yn Cholloo.
Líne 84:
Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag úsáid dídean nádúrtha, ag seilg, ag iascaireacht agus ag cnuasach, agus uirlisí beaga breochloiche nó cnáimhe acu. Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach; tógadh leachtanna móra, dála Chaisteal an Ard (''Cashtal yn Ard''), agus bhí a lán cultúr áitiúil ann.
 
Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha.
 
San Iarannaois tógadh dúnta móra ar bharr na gcnoc agus dúnta níos lú os cionn na n-aillte, agus taispeánann na hinscríbhinní [[ogham|oghaim]] go raibh Éireannaigh ina gcónaí ar an oileán faoi 700 nó thart air. Iadsan a thug leo teanga arb í an Mhanainnis anois í, agus gaol aici le Gaeilge agus le [[Gàidhlig]].