Is [[réaltbhuíon]] thuaisceartach í '''Peirséas''' atá ainmnithe as laoch na Gréige a mharaigh [[Meidiúsa (miotaseolaíocht)|Meidiúsa]]. Is ceann de na 48 réaltbhuíon de chuid [[Tolamaes|Tholamaes]] í agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an t[[ARI|Aontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta]] leo. Tá an [[réalta athraitheach]] cháiliúil dá ngairtear [[Algol]] (β Per) le feiceáil ar an réaltbhuíon seo. Agus tá [[radaí]] [[dreigechith|dhreigechith]] na b[[Peirsidí]] suite ar an réaltbhuíon seo chomh maith.