An difríocht idir athruithe ar: "Pobal Éireannach na Breataine"
Content deleted Content added
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q6071674 (translate me) |
m Róbat: Athruithe cosmaideacha |
||
Líne 11:
Ba iad na hÉireannaigh an mionlach ba mhó sa Bhreatain leis na céadta bliain. Tá siad ag teacht thar [[Muir Éireann|Mhuir Éireann]] ó dheireadh na ré réamhstairiúla go dtí an lá atá inniu ann, rud ab fhurasta a dhéanamh agus an dá thír chomh gar sin dá chéile. Tá an imirce seo ag neartú nó ag lagú de réir cúrsaí polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta ar an dá thaobh.
Tháinig Éireanaigh bhochta ina rabharta anall le linn an Drochshaoil sna 1840í. Ina dhiaidh sin tháinig laghdú éigin ar líon na n-inimirceach, agus méadú eile idir tríochaidí agus seascaidí an fichiú haois. Ba é seo an toradh a bhí ar ghanntanas oibre sa bhaile agus ar éileamh ar sclábhaithe sa Bhreatain, go háirithe sa tionscal tógála.
Ba iad contaethe an iarthair agus an deiscirt a sholáthair formhór na n-inimirceach sa 19ú haois. Imirceacht shéasúrach agus shealadach a bhí ann go minic, agus [[meitheal|meithleacha]] oibrithe ag filleadh abhaile sa gheimhreadh agus san Earrach. Faoi na 1930í ba í an Bhreatain ba rogha le himircigh Éireannacha thar aon tír eile. Tháinig neart eile, idir fhir agus mhná,
Sa bhliain 1997 mhaígh an Rialtas Éireannach sa Pháipéar Bán ar Pholasaí Eachtrannach (''White Paper on Foreign Policy'') go raibh timpeall dhá mhilliún Éireannach ina gcónaí sa Bhreatain.
Líne 24:
Tá iomrá le [[Learpholl]] de bharr a hoidhreachta bríomhaire Éireannaí, agus de shliocht Éireannach formhór mhuintir na cathrach.
Is mór an pobal Éireannach atá in [[Birmingham]] agus paráid an-mhór [[Lá Fhéile Pádraig]] dá chomhartha sin. Is é [[Digbeth, Birmingham|Digbeth]] an ceantar is Gaelaí. Bhaineadh na hÉireannaigh amach Birmingham ar lorg oibre ar na canálacha, na bóithre agus na iarnróid, nó sna monarchana.
Meastar gur de shliocht Éireannach timpeall 35% de phobal Mhanchan, agus bíonn féile shuntasach Éireannach ar siúl ann.
=== Na hÉireannaigh in Albain ===
Is fada agus is läidir an ceangal atá idir [[Albain]] agus Cúige Uladh. Is gearr ó chósta iarthearach na hAlban iad [[Contae Dhún na nGall]], [[Contae Aontroma]]
=== Na hÉireannaigh sa Bhreatain Bheag ===
|