An difríocht idir athruithe ar: "Port Láirge"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 44 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q183551 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 30:
Sna Meánaoiseanna, bhí Port Láirge ar an dara cathair ba tábhachtaí in Éirinn. Sa [[15ú haois]], chuir muintir Phort Láirge beirt éilitheoirí ar choróin Shasana ó dhoras, is é sin, [[Lambert Simnel]] agus [[Perkin Warbeck]]. In aitheantas dó seo, bhronn [[Anraí VII Shasana|Anraí VII]] a mana ar an gcathair: ''Urbs Intacta Manet Waterfordia'', "tá Port Láirge slán ón ngabháltas i gcónaí".
 
I ndiaidh an Reifirméisin Phrotastúnaigh, mhair Port Láirge ina cathair [[Caitliceachas|Chaitliceach]], agus páirt aici i gComhdháil Chill Chainnigh, is é sin, féinrialtas Caitliceach a bhí i bhfeidhm sna blianta 1642-1649. Tháinig deireadh prap leis an rialtas seo nuair a chuir [[Oilibhéar Cromail]] an tír ar ais faoi smacht Shasana. Bhí Port Láirge thíos leis seo, nó chuir nia le Cromail, Henry Ireton, imshuí fada ar an gcathair go dtí gur ghéill sí dó sa bhliain 1650.
 
Sa 18ú haois, tháinig biseach agus borradh mór ar eacnamaíocht na cathrach. B'ansin a tógadh an chuid ba mhó d'ailtireacht na cathrach. Sa 19ú haois, bhí an longcheártaíocht agus an ghloineadóireacht faoi bhláth sa chathair, chomh maith le gnóthaí móra eile tionsclaíochta.