An difríocht idir athruithe ar: "Pápa Eoin Pól I"

Content deleted Content added
Legobot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 1 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q37278 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 14:
Áit_Bháis=[[Cathair na Vatacáine]]|
}}
Bhí an '''Pápa Eoin Pól I''' ina [[Pápa|phápa]] ar feadh 33 lá ón 26 Lúnasa go dtí an 28 Meán Fómhair sa bhliain 1978 sula bhfuair sé bás tobann.
 
Rugadh sé do theaghlach cosmhuintire i gCanale d'Agordo i dtuaisceart na [[An Iodáil|hIodáile]] i 1912 faoin ainm Albino Luciani. Bhí ar a athair, Giovanni Luciani tréimhsí fada a fanacht as baile le dul ar lorg oibre. Ba sóisialach é an t-athair, ach ba Caitliceach cráifeach í máthair na clainne. Chuaigh Albino le sagartóireacht. hOirníodh ina shagart é sa bhliain 1935 agus bhain sé amach dochtúireacht ó Ollscoil Ghréagórach na Róimhe. Ina dhiaidh sin, chaith sé na blianta fada ina Ollamh le Diagacht i gcliarscoil Belluno. Bhí sé fós ag múineadh ansin nuair a bhí an dochtúireacht á déanamh aige, agus is é an breithiúnas a tugadh ar a dhochtúireacht ná ''magna cum laude''. B'é ab ábhar don dochtúireacht ná "bunús an anama de réir Antonio Rosmini" - fealsamh Iodálach ab ea é Rosmini a mhair sa chéad leath den naoú haois déag - agus cháin Luciani dearcadh diagachta Rosmini ina shaothar dochtúireachta féin.
 
Bhí roinnt postanna aige mar riarthóir eaglaise sula ndearnadh Easpag Vittorio Veneto de. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina Phatrarc ar Venezia agus ina Chairdinéal.
 
[[Toghchán an Phápa|Toghadh é mar Phápa]] tar éis bhás an [[Pápa Pól VI|Phápa Pól VI]]. B'é an chéad Phápa a roghnaigh ainm dúbailte: Eoin Pól. Mar sin, thug sé ómós don bheirt Phápaí roimhe féin, is é sin, [[Pápa Eoin XXIII|Eoin XXIII]] agus Pól VI. Chuir sé deireadh le deasghnátha áirithe a bhain le hinsealbhú an Phápa, an corónú mar shampla.
 
Ní raibh súil ag aon duine le chomh tobann a bhásódh sé. A thúisce a bhí sé síothlaithe, thosaigh ráflaí ag dul timpeall. Bhí sé ina scéal reatha gur dúnmharaíodh é, toisc go raibh sé ag cur an iomarca suime i ngnóthaí baincéireachta éigin de chuid na hEaglaise nach raibh cuma cheart orthu. Scríobhadh lear mór leabhar faoi na luaidreáin seo, ach is deacair a rá an bhfuil bunús leo. I ndiaidh an iomláin, tá fianaise ann go raibh a chroí ag luí ar Albino Luciani le tamall anuas. Tá cás Eoin Póil I cosúil le scéal [[Pápa Pius VIII|Phius VIII]] a raibh drochshláinte air chomh maith agus nach raibh oiread is dhá bhliain Pápachta i ndán dó nuair a ceapadh é. Bhí sé i mbun na hoifige sna blianta 1829-1830.
 
Is é an breithiúnas a bhí ag na daoine ar Eoin Pól I ná gur uncail cairdiúil, cineál páistiúil, a bhí ann agus é ní ba tugtha do ''[[Pinocchio|Phinocchio]]'' ná do leabhartha léannta na diagachta. Ní raibh clú an intleachtóra air. I gcúrsaí diagachta, bhí dearcadh coimeádach aige, ach san am céanna, cháin sé brúidiúlacht na ndeachtóirí i Meiriceá Theas: nuair a tháinig Uachtarán míleata na hAirgintíne, Jorge Videla, ar cuairt chuige, lochtaigh an Pápa é faoin dóigh ar sháraigh Videla agus a rialtas cearta an duine le linn an "chogaidh shalaigh" a chuir siad ar radacaigh na heite clé.
 
[[Íomhá:John paul 1 coa.svg|thumb|left|upright|Armas]]