An difríocht idir athruithe ar: "Rainer Maria Rilke"

m
Róbat: Athruithe cosmaideacha
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
File [[An Ghearmáinis|Gearmáinise]] ón [[An Ostair|Ostair]] ab ea '''Rainer Maria Rilke''' (fíorainm: ''René Karl Wilhelm Johann Josef Maria Rilke''). Rugadh i b[[Prág]] i nDémhonarcacht na hOstaire agus na hUngáire ar an 4 Nollaig 1875 agus shíothlaigh sé i dteach téarnaimh Valmont in aice le Montreux san Eilvéis ar an 29 Nollaig 1926. Is iad na dánta liriciúla an chuid is tábhachtaí dár chum sé, ach thairis sin tháinig prós, aistí agus a lán litreach óna pheann. Tríd is tríd tá sé ar scríbhneoirí móra na Gearmáinise.
 
== A Shaol ==
 
Oifigeach airm a bhí in athair René, Josef Rilke (1838-1906), ar dtús, ach nuair a saolaíodh an leanbh, bhí an t-athair tar éis éirí as an gceird mhíleata cheana féin, agus é ag obair don iarnród. Maidir le máthair an bhuachalla, Sophie "Phia" Entz, bean uaillmhianach a bhí inti a tógadh i dteaghlach saibhir, agus naoi mbliana i ndiaidh do René teacht chun saoil thit an pósadh as a chéile. Bhí Phia trí chéile ar fad ag bás a céad linbh aon bhliain déag roimh bhreith an mhic, agus rinne sí iarracht René a thógáil mar a bheadh cailín ann: chuireadh sí sciortaí air agus d'fhágadh sí a chuid gruaige gan bearradh. "Athbhreith" is brí leis an ainm Fraincise "René" féin, is é sin, athbhreith an chéad linbh.
D'éag Rilke ar an 29 Nollaig 1926 i dteach téarnaimh Valmont-sur-Territet in aice le Montreux. Tá sé adhlactha i Rarogne, cóngarach d'áit a bháis.
 
== A Shaothar sa Bhunteanga ==
 
=== Dánta ===
 
* Leben und Lieder. Bilder und Tagebuchblätter (1894)
* Die Sonette an Orpheus (1923)
 
=== Prós ===
 
* Feder und Schwert (1893)
* Das Eine (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Der Rath Horn (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Der Dreiklang (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Schwester Helene (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Silberne Schlangen (scríofa timpeall ar 1894/5)
* To (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Der Tod (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Der Ball (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Der Betteltoni (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Eine Heilige (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Zwei Schwärmer (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Bettys Sonntagstraum (scríofa timpeall ar 1894/5)
* Die goldene Kiste (1895)
* Der Apostel (1896)
* Sonntag (1896)
* Totentänze. Zwielicht-Skizzen (1896)
* Requiem (scríofa timpeall ar 1897)
* Heiliger Frühling (1897)
* Masken (1898)
19,799

edits