An difríocht idir athruithe ar: "Rós Ní Mhaonaigh"

Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 1:
Bhí '''Rós Ní Mhaonaigh''' ([[Béarla]]: ''Rose Mooney''; 1740 – t.1798) ar dhuine den bheagán ban a bhí ina gcláirseoirí gairmiúla san 18ú haois in Éirinn. Ba í an t-aon bhean amháin í a sheinn ag Féile na gCruitirí i m[[Béal Feirste]] sa bhliain 1792.
 
Is beag eolas atá le fáil ina taobh, ach bhí sí ina cláirseoir taistil ar nós a leithéidí eile, idir fhir agus mhná, in Éirinn ag an am. Dealraíonn sé go raibh sí spleodrach. Bhí searbhónta darbh ainm Máire aici agus bhí siad beirt tugtha don ól. Chuir Rós a [[cláirseach]], a cóta agus a peireacót i ngeall tráth chun íoc as ar ól Máire. Deirtear go bhfuair Rós bás den ól sa bhliain 1798 tar éis chreachadh na stóras nuair a tháinig na Francaigh i dtír i g[[Cill Ala]].
 
Fuair [[Edward Bunting]] roinnt ceoil uaithi. Ar na foinn a bhí aici bhí “Fanny Power” agus “Casadh an tSúgáin”.
 
== Tagairtí ==
* [http://imslp.org/wiki/The_Ancient_Music_of_Ireland_(Bunting,_Edward) Bunting, Edward (1840). ''The Ancient Music of Ireland''] Dublin: Hodges and Smith.
 
* Yeats, Gráinne (1980). ''Féile na gCruitirí, Béal Feirste/The Belfast Harpers’ Festival 1972''. Gael Linn. ISBN 0-86233-025-4
 
== Féach freisin ==
* [[Art Ó Néill]]
* [[Edward Bunting]]