An difríocht idir athruithe ar: "Skagerrak"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 54 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1695 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Is é '''Skagerrak''' [[caolas]] a ritheann idir cósta thoir theas [[an Iorua|na hIorua]], cósta thiar theas [[an tSualainn|na Sualainne]], agus leithnis [[Iútlainn|na hIútlainne]] de chuid [[an Danmhairg|na Danmhairge]], a dhéanann nasc idir [[an Mhuir Thuaidh]] agus limistéar mhuir [[Kattegat]], a théann go dtí [[an Mhuir Bhailt]].
 
== Ainm ==
 
Creidtear go ginearálta gurb ó bhunús [[Ollainnis|Ollainnise]]e iad na hainmneacha ''Skagerrak'' agus ''Kattegat'' araon. Ciallaíonn ''Skagerrak'' 'Cainéal Skagen' in Ollainnis a bheag nó a mhór. Tá an chathair Dhanmhargach, Skagen, suite ag barr thuaidh mhórthír na Danmhairge. Ciallaíonn ''Rak'' 'uiscebhealach díreach' (cuir i gcomparáid le Damrak in [[Amstardam]]); is gaolmhar é do 'réimse'. Bunfhoinse an tsiolla seo ná an fhréamh [[Próta-Ind-Eorpais|Phróta-Ind-Eorpaise]], *reg-, 'díreach'. Ciallaíonn ''rak'' 'díreach' sa [[Ioruais|Nua-Ioruais]] agus sa [[Sualainnis|Nua-Sualainnis]] araon. Níl aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint go bhfuil nasc ann leis an bhfocal [[Danmhairgis|Nua-Danmhairgise]] ''rak'' (a chiallaíonn daoscarshlua nó scroblach).
 
== Tíreolaíocht ==
 
Tá Skagerrak 240 km (150 mi) ar fad agus idir 80 agus 140 km (50 agus 87 mi) ar leithead. Doimhníonn sé i dtreo chósta na hIorua, nuair a shíneann sé amach do níos mó ná 700 méadar ag an Trinse Ioruach. Is iad [[Osló]] agus Kristiansand san Iorua agus Uddevalla agus Strömstad sa tSualainn roinnt de na poirt atá suite fad Skagerrak.
Líne 12:
Tá salandacht de 30 aonad salandachta praiticiúil ag Skagerrak. Timpeall is 3.600km2 (1.400 míle cearnach) an toirt atá ar fáil in aghaidh na bithmhaise, lena n-áirítear cineál leathan gnáthóg ó na hoitreacha gainnimh don tSualainn agus don Danmhairg do dhoimhneacha an Trinse Ioruaigh.
 
=== Fairsinge ===
Sainmhíníonn an [[Eagraíocht Hidreagrafach Idirnáisiúnta]] teorainneacha Skagerrak mar seo a leanas:
<blockquote>
''Ar an Iarthar''. Líne a cheanglaíonn [[Hanstholm]] {57°07′N 8°36′E) agus Naze ([[Lindesnes]], 58°N 7°E). ''Ar an Oirdheisceart.'' Teorainn thuaidh [[Kattegat]] [Líne a cheanglaíonn [[Skagen]] (An Scáth, Pointe Thuaidh na Danmhairge) agus Loch Shlabhrach Skær (57°54′N 11°27′E) agus air sin i dtreo Thoir Thuaidh tríd na hoitreacha chuig Oileán Tjörn.
</blockquote>
 
== Stair ==
[[Íomhá:Oslo from holmenkollen.jpg|thumb|Is cuid de chaolas Skagerrak é bearna cósta [[Oslofjord]].]]
 
Líne 25:
Sa dá chogadh domhanda, bhí Skagerrak an-tábhachtach don [[an Ghearmáin|Ghearmáin]] ó thaobh straitéise de. Tharla ceann de na cathanna mara ba mhó le linn an [[an Chéad Chogadh Domhanda|Chéad Chogaidh Domhanda]], Cath Iútlainne, ar a dtugtar Cath Skagerrak chomh maith, anseo ón 31 Bealtaine go dtí 1 Meitheamh 1916. Ba é an tábhacht chun an t-uiscebhealach seo, an t-aon bhealach mara chuig na Stáit Bhaltacha, a smachtú, a spreag an Ghearmáin chun ionradh a dhéanamh ar an Danmhairg agus ar an Iorua le linn [[an Dara Cogadh Domhanda|an Dara Chogaidh Domhanda]]. Tá líon mór long báite sa limistéar mar gheall ar na comhraic chabhlaigh seo.
 
== Bitheolaíocht ==
Is gnáthóg é Skagerrak do thuairim is 2000 speiceas muirí, agus tá roinnt mhaith acu curtha in oiriúint dá uiscí. Mar shampla, sceitheann cineál troisc Atlantaigh, ar a dtugtar trosc Skagerrak, amach ó chósta na hIorua. Tá na huibheacha buacach agus bíonn na hóga á mbeathú féin ar zóplanctón. Téann na hóga go tóin poill, áit ina bhfuil timthriall lánaibíochta níos giorra acu (2 bliana). Ní imircíonn siad ach fanann siad i bhfiordanna na hIorua.