An difríocht idir athruithe ar: "Turasóireacht"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 2 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q49389 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 2:
Séard atá i gcéist le '''turasóireacht''' ná taisteal mar chaitheamh aimsire nó ar son fóillíochta. De réir an [[Eagraíocht Dhomhanda Turasóireachta]], is tuarasóirí iad daoine a thaistealaíonn agus a fhanann in áiteanna taobh amuigh dá ngnáththimpeallacht ar feadh níos lú ná bliain amháin ar chúiseanna cosúil le fóillíocht, gnó nó sláinte agus gan aon airgead a fháil acu as rud ar bith a dhéanann siad ann ó fhoinsí áitiúla.
 
Tá idir bhorradh agus bhiseach sa turasóireacht dhomhanda leis na blianta. Sa bhliain [[2004]], bhain breis agus 763 milliún tuarasóirí cinn chúrsa idirnáisiúnta amach. Sa bhliain [[2010]], rinne 940 milliún duine amhlaidh, fás 6.6% ar an bhliain roimhe. Sa bhliain chéanna bhí 693 billiún euro de theacht isteach idirnáisiúnta ón turasóireacht, fás 4.7% ar an bhliain roimhe.
 
Mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíochta domhanda sna 2000idí déanacha, thosaigh moill láidir sa taisteal idirnáisiúnta ag tosú i Meitheamh, [[2008]], moill a lean sa bhliain [[2009]]. Thit líon na dturasóirí idirnáisiúnta 4% sa bhliain úd, agus thit an teacht isteach 6%.
Bíonn an turasóireacht intíre tábhachtach ina lán áiteanna ar fud an domhain freisin.
 
Líne 11:
 
[[Íomhá:Pays touristiques.svg|thumb|300px|Turasóireacht de réir tíre sa bhliain 2001]]
Sa bhliain 2011, is iad an [[Fhrainc]], na [[Stáit Aontaithe]], agus [[an tSín]] na trí thír is mó turasóireacht ar domhan, ach tá sí tábhachtach i ngach áit nach mór má bhíonn tír sábháilte agus tarraingteach go leor don turasóir. Thig leis an ngnó seo a bheith an-tábhachtach ar fad do thíortha beaga a bhfuil tránna cois farraige agus aeráid the le linn an gheimhridh thuaisceartach acu, a leithéidí [[na Bahámaí]], [[na Séiséil]] agus na [[Oileáin Mhaildíve|Maildíve]]. Is iad [[Páras]], [[Londain]] agus [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] na trí chathair is mo tóir ag turasóirí orthu ar Domhan faoi láthair.
 
{{síol}}
Líne 18:
[[Catagóir:Cultúr]]
[[Catagóir:Turasóireacht]]
 
{{Nasc AR|eu}}