An difríocht idir athruithe ar: "Vasco da Gama"

Content deleted Content added
m deadlink fix: content removed from google cache, found on web archive
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 30:
<ref>[http://www.fordham.edu/halsall/mod/1497degama.html da Gama's ''Round Africa to India''], fordham.edu</ref> Bhí cuid de na loingseoirí ba sheanchleachta amach ar bord, leithéidí Pero de Alenquer, Pedro Escobar, João de Coimbra agus Afonso Gonçalves. Ní fios cá mhéad fear a bhí i bhfoireann gach loinge, ach tháinig timpeall cúig fhear is caoga ar ais agus briseadh dhá long. Tógadh dhá long ''as naus'' (as an nua).
 
* ''São Gabriel'', carrac a raibh Vasco da Gama i gceannas uirthi; 178 tonna, 27 m ar fad, 8.5 m ar leithead, snámh 2.3 m, seolta 372 m cearnach
* ''São Rafael'', long a bhí chomh mór le ''São Gabriel'' agus Paulo da Gama, deartháir Vasco, i gceannas uirthi
* ''Berrio'', carabhal a tugadh São Miguel air níos déanaí, agus Nicolau Coelho i gceannas uirthi
Líne 68:
== An dara turas ==
 
Ar 12 Feabhra 1502 thug an 4ú cabhlach Portaingéalach a aghaidh ar an India agus Gama i gceannas air. Bhí cúig long déag ann agus ocht gcéad fear, agus rún acu leas na Portaingéile a chosaint. Nuair a shroich Gama an India i Mí Dheireadh Fómhair 1502 chrom sé ar longa Arabacha a ghabháil. Bhí Zamorin sásta conradh a dhéanamh <ref>[http://web.archive.org/web/20040118015254/http://www.northpark.edu/history/webChron/WestEurope/DaGama.CP.html Vasco da Gama Arrives in India 1498] (leagan Google) Dana Thompson, Felicity Ruiz, Michelle Mejiak; December 15, 1998.</ref> ach d'éiligh Gama go ndíbreodh an Rí na Muslamaigh go léir, éileamh a diúltaíodh. Thuairteáil Gama an chathair, ghabh roinnt longa ríse agus bhain na lámha, na cluasa agus an tsrón de na foirne. <ref>Sreedhara Menon (1967), lch 152.</ref>
 
D'fhill Gama ar an bPortaingéil i Mí Mheán Fómhair 1503. Ansin rinne sé ar Kochi, foríocht bheag de chuid Calicut a d'fhear fáilte mhór roimhe agus d'fhill sé abhaile le lasta síoda agus óir.
Líne 79:
== An tríú turas ==
[[Íomhá:St-Francis-Church.jpg|thumb|upright|Eaglais Naomh Proinsias in Kochi. Cailleadh Vasco da Gama in Kochi sa bhliain 1524 agus san eaglais seo a cuireadh a chorp ar dtús.]]
Sa bhliain 1519 rinneadh an chéad Chonta Vidigueira de, teideal a chum Manuel I d'aonghnó.<ref>Ravenstein</ref>. Ba é an chéad chonta Portaingéalach nár de shliocht ríoga é.
 
Cuireadh chun na hIndia arís é sa bhliain 1524 chun dul in áit Eduardo de Menezes mar leasrí, ach is gearr gur tholg sé maláire. Cailleadh é Oíche Nollag 1524.