An difríocht idir athruithe ar: "Éamon de Valera"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 46 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q173347 (translate me)
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 25:
|síniú =Éamon de Valera Signature.svg
|}}
Trodaí saoirse agus polaiteoir ba ea '''Éamon de Valera''' ([[14 Deireadh Fómhair]] [[1882]] - [[29 Lúnasa]] [[1975]]) a bhí ina [[Taoiseach|Thaoiseach]] agus ina [[Uachtarán na hÉireann|Uachtarán]] ar [[Poblacht na hÉireann|Éirinn]]. Faoin ainm '''Edward George de Valera''' a rugadh é; uaireanta tugtar an t-ainm Gaelaithe '''Éamonn de Bhailéara''' air. Is iad na leasainmneacha atá air ná "Dev", "An Buachaill Ard" (''The Long Fella'', as Béarla) agus "An tAmadán Fada".
 
Ceannaire tábhachtach ab ea é de Valera sa ghluaiseacht phoblachtach sa [[20ú haois]], agus chaith sé tréimhse an-fhada ón mbliain [[1917]] go dtí an bhliain [[1973]] i saol polaitiúil na tíre. Eisean a chum [[Bunreacht na hÉireann]] sa bhliain [[1937]], agus chaith sé a sheal ina Thaoiseach agus ina Uachtarán. Ba é [[Fianna Fáil]], an páirtí a bhunaigh sé sa bhliain [[1926]], an ceann is mó sa tír go dtí 2011.
Líne 31:
== Tús a shaoil ==
 
Saolaíodh Edward George de Valera i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhraic]], [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] sa bhliain 1882. B'iad a thuismitheoirí an mháthair [[Éire]]annach [[Cáit Coll]] ón g[[An Cnoc Mór|Cnoc Mór]] i g[[Contae Luimnigh]] (ainm iomlán: Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus an t-athair [[An Spáinn|Spáinneach]] [[Juan Vivion de Valera]]. An t-aon eolas atá againn faoina athair, is ó de Valera féin a fuair muid é. Dúirt sé gur [[dealbhóir]] Spáinneach ab ea é Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain [[1881]], ach cailleadh Juan Vivion [[1885|ceithre bliana ina dhiaidh sin]]. Níor éirigh le [[Tim Pat Coogan]], a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte. De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, [[Vivion de Valera]], as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair [[Elizabeth Coll]] (máthair Cháit), ar fheirm i m[[Brú Rí]], [[Contae Luimnigh]].
 
Bhí saol réasúnta compórdach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt [[rugbaí]]. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na [[Bráithre Críostaí]] san [[An Ráth|Ráth]] i g[[Contae Chorcaí]], agus bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar [[Coláiste na Carraige Duibhe|Choláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]] sa bhliain [[1898]]. Rinne sé dianstaidéar ar an [[matamaitic]], agus rinneadh ollamh le matamaitic de i g[[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] sa bhliain [[1903]]. Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann ([[Ollscoil na hÉireann]] inniu) sa bhliain [[1905]], agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain [[1906]] i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa [[An Charraig Dhubh|Charraig Dhubh]]. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.