Antraipeolaí a rugadh i bh[[Philadelphia]] ab ea '''Margaret Mead''' ([[16 Nollaig]] [[1901]] – [[15 Samhain]] [[1978]]). RinneTógadh in Doylestown, Pennsylvania, í. Fuair sí a cuid ollscolaíochta i g[[Nua-Eabhrac (cathair)|Cathair Nua-Eabhrac]]: céim bhaitsiléara ó Choláiste Barnard (1923), M.A. ó [[Ollscoil Columbia]] (1924) agus dochtúireacht ón ollscoil chéanna (1929). Ag Columbia rinne sí staidéar faoi [[Franz Boas]] agus [[Ruth Benedict]]. Rinne Mead staidéar allamuigh ar oileáin san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]], agus chuir síos air ina leabhair cháiliúla ''Coming of Age in Samoa'' (Ag Teacht in Aois i Samó, 1928) agus ''New Lives for Old'' (Beathaí Nua ar Sheanbheathaí, 1956).
==Naisc sheachtracha==
*[http://www.loc.gov/exhibits/mead/ Library of Congress, Margaret Mead: Human Nature and the Power of Culture]