An difríocht idir athruithe ar: "Tomás Ó Cléirigh"

Content deleted Content added
ÓnahÉ
No edit summary
Líne 39:
==Óglaigh na hÉireann==
Thacaigh an Cléireach go mór le bhunú [[Óglaigh na hÉireann|Óglach na hÉireann]] sa bhliain 1913, ach ní raibh baint ar baint leo ós rud é gur coirpeach agus náisiúnaí d'ard-cháil a bhí ann, rud a thabharfadh mí-cháil ar na hÓglaigh. Anuas ar sin, is follasach go mbeadh an-thionchar ag baill shuntasacha an Bhráithreachais amhail Mac Piaras, Mac Diarmada agus Hobson orthu, agus iad i lár bhaill fud fad na heagraíochta.
 
==An tÉirí Amach==
Bhí Ó Cléirigh ina bhall den Chomhairle Mhíleata a bheartaigh Éirí Amach na Cásca agus bhí seisean ar dualgas i gceanncheathrú an éirí amach in Ardoifig an Phoist le linn na seachtaine. Throid sé cliathánach le h[[Arm Cathartha na hÉireann]], faoi cheannas [[Séamus Ó Conghaile|Shéamuis Uí Chonghaile]]. Cé nach raibh céim mhíleata oifigiúil d'aon saghas aige, bhí sé aitheanta mar duine de cheannasaithe an gharastúin siúd, agus bhí ról suntasach aige sa troid. Gabhadh eisean agus na ceannairí eile tar éis ghéilleadh na bhfórsaí ar an 29 Aibreáin agus cuireadh faoi ghlas i b[[Príosún Chill Mhaighneann]] iad. Ba eisean an dara duine a chun aghaidh a thabhairt ar an scuad lámhaigh ar an 3ú Bealtaine, tar éis an Phiarsaigh.
 
==Oidhreacht==
Tá lorg an Chléirigh fágtha go tréan ar an dtír:
* Bhí Túr Thomáis Uí Chléirigh ar cheann de thúir Bhaile Munna, a leagadh chun talamh sa bhliain 2008
* Athainmníodh stáisiún traenach Dhún Dhealgán in ómós dó ar an 10 Aibreán 1966, chun a ról san éirí amach a chomóradh
* Bhí íomhá de ar stampaí sa bhliain chéanna 1966
* Tá cumann de chuid CLG ina bhaile dúchais Dún Geanainn ainmnithe as - Dún Geanainn Thomáis Uí Cleirigh
* Tugtar Cumann Thomáis Uí Chléirigh i nDún Geanainn ar chumann sa bhaile siúd a dhéanann comóradh ar an éirí amach
 
{{Éirí Amach na Cásca}}