An difríocht idir athruithe ar: "Friotaíocht agus seoltas leictreach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
 
 
 
Line 10 ⟶ 11:
:<math>R = {V\over I}, \qquad G = {I\over V}, \qquad G = \frac{1}{R}</math>
 
I gcomhairdtaca coinníollachale agusraon ábharleathan ilghnéitheachtd'ábhair agus coinníollacha, bíonn 'V' agus 'I' i comhréireachcomhréir go díreach lena chéile, agus dá bhrí sin, bíonn 'R' agus 'G' tairiseach. Tugtar [[Dlí Ohm]] ar an tairiseach seo, agus glaoitear "ómach" ar ábhar a shásann é.
 
 
I gcásanna eile, mar shampla, i gcomhair [[dé-óid|dé-óide]] nó [[cadhnra|cadhnra]], ní bhíonn 'V' agus 'I' tairseach go díreach, nó i mbriathra eile, níl an cuar I-V ina líne dhíreach tríd an túsphointe, agus ní sheasann Dlí Ohm. Sa chás seo, ní fhónann na coincheapa 'friotaíocht' agus 'seoltacht', agus bíonn sé níos deacra iad a shainiú. Uaireanta, bíonn an cóimheas I-V fós úsáideach, agus tagraítear dó mar "friotaíocht chordúil" nó "friotaíocht statach", mar go bhfreagraíonn sé d'fhána corda idir an túsphointe agus an cuar I-V. I gcásanna eile, b'fhéidir go mbeadh an díorthach <math> \frac{dV}{dI} \,\!</math> níos úsáidí; agus glaoitear an 'fhriotaíocht dhifreálach' uirthi.
 
 
==Réamhrá==
[[File:ResistanceHydraulicAnalogy.svg|thumb|Cuireann an analach hiodrálach sruth leictreach ag sreabhadh trí shreang i gcomparáid le uisce ag sreabhadh trí phíopaí. Nuair a líontar píopa (ar chlé) le gruaig (ar dheis), tógann sé brú níos mó chun an sreabhadh céanna uisce a bhaint amach. Is cosúil lena chéile iad, ag brú sruth leictreach trí fhriotaíocht mhór, agus ag brú uisce trí phíopa atá sáinnithe le gruaig: Éilíonn sé brú níos mó (fórsa leictreaghluaisneach) chun an sreabhadh céanna a thiomáint (sruth leictreach)]]
 
 
San analach hiodrálach, bíonn sruth leictreach ag sreabhadh trí shreang (nó friotóir) cosúil le uisce ag sreabhadh trí phíopa, agus bíonn an titim voltais trasna na sreinge cosúil leis an titim brú a bhrúann an t-uisce tríd an phíopa. Bíonn seoltas i gcomhréir le méid an tsrutha i gcomhair brú ar leith, agus tá friotaíocht i gcomhréir le méid an bhrú a bhíonn ag teastáil i gcomhair chun sruth áirithe a bhaint amach . ( Tá seoltacht agus friotaíocht dlí i gcomhréir deilíneach lena a chéile.)
 
Is í an ''difríocht'' voltais (i.e. an difríocht voltais idir thaobh amháin an fhriotóra agus an taobh eile ), ní an voltas féin, a sholáthraíonn an fórsa tiomána a bhrúann an sruth tríd an an fhriotóir. Bíonn sé mar an gcéanna san hiodrálaic: Cinneann an difríocht brú idir dhá thaobh den píopa, ní an brú é féin, méid an t-sruth tríd. Mar shampla, d'fhéadfadh go mbeadh mórbhrú uisce os cionn an phíopa, a dhéanann iarracht an t-uisce a bhrú síos tríd an phíopa. Ach d'fhéadfadh go mbeadh mórbhrú uisce chomh mór leis faoi bhun an phíopa, a dhéanann iarracht an t-uisce a bhrú ar ais suas tríd an phíopa. Má tá na brúnna seo comhionanna lena chéile , ní bheidh aon sreabhadh uisce. (San íomhá ar dheis, tá brú an uisce faoi bhun an píopa a náid.)
 
Go príomha, cinneann dhá fhachtóir: céimseata (cruth ) agus ábhair, friotaíocht agus seoltas sreinge, friotóra, nó eiliminte eile.
 
Tá céimseata tábhachtach, toisc go mbíonn sé níos deacra uisce a bhrú trí phíopa fada, caol, ná trí phíopa leathan, gearr. Ar an bhealach céanna, bíonn friotaíocht ag sreang fhada thanaí chopair níos airde ( seoltacht níos ísle ) ná sreang ghearr thiubh chopair.
 
 
Bíonn ábhair tábhachtach chomh maith. Má líontar píopa le gruaig, tógtar brú níos mó chun an sreabhadh céanna uisce a bhaint amach. i gcomparáid le píopa gan gruaig ach leis an chruth agus mhéid céanna. Ar an gcuma chéanna, is féidir le [[leictreoin]] sreabhadh faoi shaoirse agus go héasca trí sreang [[Copar|chopair]], ach ní féidir leo sreabhadh chomh héasca trí shreang chruach den cruth agus méid céanna, agus go bunúsach ní féidir leo sreabhadh trí [[inslitheoir]] cosúil le rubar, beag beann ar a mhúnlú. Baineann an difríocht idir, copar, [[Cruach (miotal)|cruach]], agus [[rubar]] lena struchtúr micreascópach agus cumraíocht na leictreon, agus tomhaistear é le hairí a dtugtar [[friotachas]] air.
 
 
 
 
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}