An difríocht idir athruithe ar: "Máirtín Ó Cadhain"

Content deleted Content added
Líne 65:
Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an [[18 Deireadh Fómhair]], [[1970]] go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na h[[Éireann]]. Bhásaigh sé in [[Ospidéal an Mater Misercordiae|Ospidéal an Mater]] i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i [[Reilig Chnocán Iaróm]] é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile.
 
In [[Traidisiún Liteartha na nGael]], [[1979]] deir [[J.E.Caerwyn Williams]] agus [[Máirín Ní Mhuiríosa]] ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas: tá daoine ann a rachadh níos faide agus a déarfadh gurb é is tábhachtaí ó thosach na hAthbheochana’. Is é a deir [[Alan Titley]]: ‘Nuair a fuair sé bás ... ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’ http://www.rte.ie/tv/rianfhocail/article.html
 
[[Íomhá: Máirtín Ó CadhainAerfort.jpg|thumb|deas|220px|Múrmhaisiú in ómós do Mháirtín Ó Cadhain in [[Aerfort Bhaile Átha Cliath]] (Meán Fómhair 2009)]]