An difríocht idir athruithe ar: "Friotaíocht agus seoltas leictreach"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 59:
Ní bhíonn an fhoirmle cruinn freisin nuair atá sruth ailtéarnach ( AC ) i gceist, mar gheall ar éifeacht na [[Cneas-iarmhairt|cneas-iarmharta]], iarmhairt a tharlaíonn le sruth ailtéarnach leictreach ina n-iompraítear an chuid is mó den sruth ar feadh imeall seachtrach an tseoltóra. Ansin, bíonn an trasghearradh geoiméadrach difriúil ón trasghearradh éifeachtach ina bhfuil an sruth ag sreabhadh i ndáiríre, mar sin tá an fhriotaíocht níos airde ná mar a measadh. Mar an gcéanna, má bhíonn dhá sheoltóir in aice lena cheile ag iompar sruth AC, méadóidh a bhfriotaíochtí mar gheall ar an [[iarmhairt neasachta]]. Ag chumhacht-mhinicíocht tráchtála, bíonn mór-éifeacht bainteach leis na hiarmhairtí i gcás na seoltóirí móra a iompraíonn sruthanna móra, mar shampla busbarraí i bhfostáisiún leictreach , nó mór-cháblaí cumhachta a iompraíonn níos mó ná cúpla céad aimpéar .
 
==Cad a chinneann friotachas?==
 
Bíonn méideanna difriúla friotaíochta in aghaidh an tsrutha sna
seoltóirí éagsúla: Mar shampla, tá seoltacht [[fluarapolaiméir]] shintéiseach 'Teflon' thart ar 10<sup>30</sup> uair níos ísle ná seoltacht chopair. Cén fáth a bhfuil a leithéid de dhifríocht ann? De gnáth, bíonn líon mór leictreon "dílogánaithe" ag miotal nach bhfuil greamaithe in aon áit amháin, ach saor chun bogadh trasna achar mór, cé go mbíonn, i inslitheoir (cosúil le Teflon), gach leictreon ceangailte go docht le móilín amháin, agus tá fórsa mór ag teastáil chun é a aistharraingt. Luíonn [[Leathsheoltóir|Leathsheoltóirí]] idir an dá dhála.
Athraíonn an friotachas le teocht. I leathsheoltóirí, athraíonn an friotachas freisin nuair a dhíritear solas air. Pléitear iad seo thíos.
 
{{Fréamh an Eolais}}