An difríocht idir athruithe ar: "Dé-óid"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Image:Diode-closeup.jpg|thumb|right|Gar-amhairc de dé-óid, a léiríonn an criostal-leathsheoltóir atá cearnógchruthach (an réad dubh ar chlé).]]
 
 
Feiste leictreonach leathsheoltóra a bhfuil dhá theirminéal uirthi. Seolann sí [[sruth leictreach]] go héasca i dtreo amháin, ar a dtugtar ''an treo tul-laofa'', agus ní ligeann aon sruth ach ar éigin tríthi sa treo eile, ar a dtugtar ''an treo cúl-laofa''. Úsáidtear dé-óidí mar choigeartóirí chun sruth díreach (SD) a fháil ó shruth ailtéarnach (SA), agus mar bhrathadóirí [[Solas|solais]] mar is amhlaidh a ritheann sruth cúl-laofa de réir [[cumhacht]] an tsolais a thiteann ar an bhfeiste. Tá saghas dé-óide ar leith ann a chruthaíonn voltas trasna uirthi nuair a thul-laobhtar í, agus tugtar ''dé-óid fhótavoltach'' uirthi seo. Is gléasanna den saghas seo iad na griancheallraí a úsáidtear i [[Spásárthach|spásárthaigh]] chun [[leictreachas]] a sholáthar, agus ar [[An Domhan|Domhan]] chun cumhacht leictreach a ghiniúint ó theasradaíocht [[An Ghrian|na Gréine]]. Tá saghas dé-óide eile ann a astaíonn solas nuair a ritear sruth leictreach chun tosaigh sa tultreo trasna uirthi. Sa bhfeidhmiú seo, tugtar ''dé-óid sholasastaitheach (DSA)'' ar an ngléas.
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síol}}
[[Catagóir:leathsheoltóirí]]