An difríocht idir athruithe ar: "Deargaistriú"

Content deleted Content added
No edit summary
Colin Ryan (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
IarmhairtIs éard atá sa '''deargaistriú''' (nó iarmhairt Doppler), i gcás [[Solas|solais]] ó rinn spéire a bhíonn ag druidim amach ón [[An Domhan|Domhan]], ná athrú tonnfhaid a bhraitear mar dhathy dearg. Thaispeáin [[Edwin Hubble|Hubble]] gur chiallaigh an deargaistriú braite go raibh gach [[réaltra]] ag gluaiseacht amach uainn, agus go raibh deargaistriú níos mó i gceist i leith na réaltraí is faide amach uainn, de bhrí go bhfuil siad ag gluaiseacht níos tapa ná [[Réalta|réaltaí]] is gaire. Uaidh seo shaothraigh Hubble coincheap na [[An Chruinne|Cruinne]] forleathnaithe isagus [[Ollphléasc|na hOllphléisce]].<ref>Hussey, Matt (2012). ''Fréamh an Eolais''. [[Coiscéim]]. “Deargaistriú”.</ref>
 
[[File:Redshift.png|thumb|upright|Línte ionsúcháin i speictream optach sárbhraisle réaltraí imigéiniúla (ar thaobh na láimhe deise) le hais línte ionsúcháin i speictream optach na Gréine (ar thaobh na láimhe clé).]]
 
I gcúrsaí fisice titeann deargaistriú amach nuair a thagann méadú ar [[tonnfhad|thonnfhad]] de réir a mar atá solas nó radaíocht leictreamaighnéadach eile ó rinn neimhe ag imeacht ón mbreathnóir. Aistrítear an solas nó an radaíocht go dtí an ceann dearg den speictream leictreamaighnéadach. Tríd is tríd, taispeánann an “deargadh” go bhfuil méadú ar thonnfhad, rud is ionann agus minicíocht níos ísle agus fuinneamh fótón níos laige, de réir theoiric thonnach agus theoiric chandamach an tsolais.
Deirtear gurb éard is cúis le deargaistriú ná fairsingiú na cruinne. Iarmhairt de chuid na coibhneasachta ginearálta atá sa deargaistriú imtharraingthe agus radaíocht leictreamaighnéadach ag fágáil réimse imtharraingteach.
 
[[Image:Redshift blueshift.svg|thumb|Deargaistriú agus gormaistriú]]
 
==Stair==
 
As [[Christian Doppler]] a ainmníodh an feiniméan, ós eisean ba thúisce a thug cuntas air sa bhliain 1842. Dúirt Doppler, agus an ceart aige, go bhfágfadh an feiminéan a rian ar gach tonn, agus thug sé le fios gurbh fhéidir dáthanna difriúla na réaltaí a chur síos dá ngluaiseacht ó thaobh an Domhain de.<ref>O'Connor, John J.; Roberston, Edmund F. (1998). http://www-history.mcs.st-andrews.ac.uk/Biographies/Doppler.html Christian Andreas Doppler. MacTutor History of Mathematics archive. University of St Andrews]</ref>
 
==Nótaí==
 
{{reflist}}
 
==Naisc==
[[Réaltfhisic]]
 
==Naisc sheachtracha==
 
* [http://www.worldscinet.com/ijmpd/ijmpd.shtml ''International Journal of Modern Physics D''] from World Scientific
 
* [http://www.aip.org/history/cosmology/index.htm ''Cosmic Journey: A History of Scientific Cosmology] '' from the American Institute of Physics
 
* [http://www.vega.org.uk/video/subseries/16 Prof. Sir Harry Kroto, NL], Astrophysical Chemistry Lecture Series. Ocht léacht “Freeview” a sholáthair an Vega Science Trust.
 
* [http://home.slac.stanford.edu/ppap.html Stanford Linear Accelerator Center, Stanford, California]
* [http://www.iasfbo.inaf.it Institute for Space Astrophysics and Cosmic Physics]
 
* [http://www.journals.uchicago.edu/ApJ/ ''Astrophysical Journal'']
 
* [http://www.aanda.org/ ''Astronomy and Astrophysics'', iris Eorpach]
 
* [http://www.scienceresourceworld.com/publications/journals/astronomy_journals.html Liosta irisí réaltfhisice piarmheasúnaithe]
 
* [http://master.obspm.fr/ Master of Science in Astronomy and Astrophysics]
 
* [http://www.astro.ucla.edu/~wright/cosmolog.htm Ned Wright's Cosmology Tutorial, UCLA]
 
* Suíomh Philippe Stee: [http://www.oca.eu/stee/page1/page3/page3.html Hot and Active Stars Research]
 
 
{{Fréamh an Eolais}}
 
{{síol}}