An difríocht idir athruithe ar: "Úrscéal"

Content deleted Content added
No edit summary
 
No edit summary
Líne 6:
Carachtair gan doimhneacht ag maireachtáil de réir pisreoga, tairngreachtaí agus seanchas a bhí i scéalta Shéamais Uí Ghrianna ach san úrscéal is fearr a scríobh sé, Bean Ruadh de Dhálach (1966) tá carachtar mná a bhriseann leis an dúchas agus a théann a bealach féin, duine neamhpleách láidir atá breá ábalta seasamh in aghaidh choinbhinsin a comhluadair. Ba é deartháir Shéamais, Seosamh Mac Grianna, áfach an té a scríobh an saothar ba mhó indibhidiúlacht i lár na haoise seo caite, é go mór faoi thionchar Phádaic Uí Chonaire. Is é An Droma Mór, a bhí scríofa i 1934 ach nár foilsíodh go dtí 1969, an t-úrscéal is tábhachtaí ó pheann Sheosaimh, léargas ar bhaile beag tuaithe ag dul i ngleic leis na hathraithe polaitiúla agus cultúrtha a tháinig le gluaiseacht na saoirse, le carachtair réadúla a nochtann a laige agus a neart.
 
Tháinig [[Máirtín Ó Cadhain]] chun cinn mar scríbhneoir i ndeireadh na 1930í agus áirítear a úrscéal, Cré na Cille, ar an saothar próis is cumasaí a scríobhadh sa Ghaeilge lena linn. Is féidir cuid de na scéalta fada a chum sé, ach a foilsíodh i gcnuasaigh le scéalta eile, a áireamh mar úrscéalta chomh maith, go háirithe Fuíoll Fuine, eachtra fir a bhfuil a bhean díreach tar éis bás a fháil.
 
I measc daoine eile a scríobh úrscéalta bhí Séamus Ó Néill, a rinne iarracht saol na cathrach a léiriú ach nár éirigh leis carachtair sách domhain a chruthú, agus Tarlach Ó hUid, scríbhneoir ionraic a bhí teoranta ó thaobh teanga agus samhlaíochta.
 
Úrscéalta domhaine machnamhacha iad 'Néall Maidne agus Tine Oíche'(1964), agus 'An Branar gan Cur'(1979) a scríobh [[Breandán Ó Doibhlin]]. Thug [[Eoghan Ó Tuairisc]] faoin úrscéal stairiúil le 'L'Attaque', sárinsint ar eachtraí feirmeora as Maigh Eo a ghlacann páirt in Éirí Amach 1798, agus 'Dé Luain' (1966) iarracht ar an chéad lá d'Éirí Amach 1916 a athchruthú trí shruthanna machnaimh na bpríomhcharachtar.
 
Is é 'Fonn a Níos Fiach' (1978) an saothar is fearr de chuid Phádraig Uí Mhaoileoin, fear a scríobh 'Bríde Bhán' freisin.
 
Tá saothar an scríbhneora [[Diarmaid Ó Súilleabháin]] an-dúshlánach, go háirithe 'Caoin tú Féin'(1967), 'An Uain Bheo' (1968), Maeldún (1972) agus 'Lá Breá Gréine Buí' (1984). Chuaigh Ó Súilleabháin i ngleic leis an saol comhaimseartha agus é faoi thionchar mhórscríbhneoirí a linne san Eoraip.
 
Scríbh [[Séamas Mac Annaidh]] trí úrscéal comhaimseartha ina bhfuil meascán den ghreann chomhfhiosach agus den dianléargas ar shaol a linne, 'Cuaifeach mo Londubh Buí' an chéad cheann agus an ceann is fearr díobh.
 
Scríobh [[Alan Titley]] trí úrscéal, an chéad cheann an-chasta ar fad, Meirscrí na Treibhe. Is scéal uafáis faoi chanablaigh i mBaile Átha Cliath é Stiall Fhial Feola, agus is úrscéal stairiúil é An Fear Dána.
Is liosta le háireamh iad na húrscéalta agus na scríbhneoirí eile sa Ghaeilge, agus cuirfear leis an alt seo ar ball.