An difríocht idir athruithe ar: "An Bhreatain"

Content deleted Content added
Albain, g. Alban
m nl
Líne 1:
Tá cúpla ciall ag '''an Bhreatain''' (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sé ón bhfocal "Prydain" sa [[Breatnais|Bhreatnais]], a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil [[Sasana]], [[an Bhreatain Bheag]] agus [[Albain]]. Labhraítaí foirm den [[Breatnais|Bhreatnais]] ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na [[na Rómhánaigh |Rómhánach]], agus ina ndiaidh [[na hAngail]] agus [[na Sacsain]].
 
Inniu, úsáidtear an téarma "an Bhreatain Mhór" le tagairt don oileán ar fad, agus "an Bhreatain Bheag" le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach (Prydain), ar de bhunús [[Ceiltigh|Ceilteach]] iad. Ach ba in aimsear na banríona [[Victoria, banríon Shasana|Victoria]] a tháinig úsáid an téarma "Great Britain" i mBéarla, nó "an Bhreatain Mhór", ar ais in úsáid. Aithris a bhí  ann ar nós na bhFrancach 'Grande Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'[[Impireacht na Breataine|Impireacht na Breataine]] agus do [[Comhlathas na Breataine|Chomhlathas na Breataine]]. Tugann saoránaigh [[an Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] "British" orthu féin, fiú cuid acu i d[[Tuaisceart Éireann]], ach ó theideal iomlán na ríochta, "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaiscirt Éirinn", ní chlúdaíon an ainm "Breatnach" muintir Thuaiscirt Éireann.
 
[[de:Britannien]]
[[en:Britain]]
[[la:Britannia]]
[[nl:Brittanië]]
[[simple:Britain]]