An difríocht idir athruithe ar: "An Bhealarúis"

Content deleted Content added
m Robot: sr:Белорусија is a good article; athruithe cosmaideacha
Chaco (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 46:
Sna laethanta a bhí, bhain an Bhealarúis lena lán tíortha éagsúla, ar nós [[Diúcacht Połack]], [[Ard-Diúcacht na Liotuáine]], [[Comhlathas na Polainne is na Liotuáine]], agus [[Impireacht na Rúise]]. Sa bhliain 1922, roinneadh an Bhealarúis idir Poblacht na Polainne agus an tAontas Sóivéadach. An leath den tír a thit leis an Aontas Sóivéadach, hiompaíodh ina Poblacht Shóivéadach í, is é sin, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bealarúise. Sa bhliain 1939, nuair a shealbhaigh an tAontas Sóivéadach an leath thiar den Bhealarúis ón bPolainn, cuireadh leis an leath thoir í, agus ansin, bhí an Bhealarúis iomlán ina Poblacht Shóivéadach. Ar an 27ú lá de Mhí Lúnasa 1990, d'fhógair an Phoblacht seo a ceannasacht go hoifigiúil, agus nuair a tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, bhain Poblacht na Bealarúise amach a neamhspleáchas ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa 1991. Tá [[Alaksandr Łukašenka]] ina Uachtarán ar an mBealarúis ón mbliain 1994 i leith. Faoi láthair, tá an Bhealarúis agus an Rúis i mbun comhchainteanna le h[[Aontas na Rúise agus na Bealarúise]] a bhunú, is é sin, an dá thír a athaontú arís, ach tá na comhchainteanna sin in abar leis na blianta anuas.
 
B'í an Bhealarúis an tír ba mhó a bhí thíos leis an [[radachur]] ó [[tubaisteTubaiste ChernobylShearnóbail|thubaisteThubaiste ChernobylSearnóbail]], cé gur san [[An Úcráin|Úcráin]] a tharla an tubaiste féin.
 
== Stair ==