An difríocht idir athruithe ar: "An Tamailis"

Content deleted Content added
m Robot: en:Tamil language is a featured article
Mahagaja (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Is í an '''Tamailis''' (''தமிழ்'') an ceann is tábhachtaí de na [[teanga (cumarsáid)|teangacha]] [[teangacha Dráivideacha|Dráivideacha]], is é sin, teangacha bundúchasacha Dheisceart na hIndia. Teanga oifigiúil í i stát [[Tamil Nadu]] san [[India]], i [[Srí Lanca]] (in éineacht leis an tSiolóinis), agus i [[Singeapór]] (in éineacht leis an m[[Béarla]], an t[[Sínis]], agus an [[Malaeis|Mhalaeis]]).<ref>[http://statutes.agc.gov.sg/non_version/cgi-bin/DisplayContent.pl?DOCID=1999-REVED-CONST&VID=931158661-003601&WEF=latest&TYPE=simple&mode=and&version=currentVersion&query1=official%20language Statutes.agc.gov.sg - Teanga oifigiúil]</ref>
 
Ceann de theangacha clasaiceacha na hIndia í an Tamailis. Is é ''Tolkappiyam'', gramadach na Sean-Tamailise, an téacs is sine sa teanga, ach is deacair a rá, cén t-am a scríobhadh é. Cuid de na saineolaithe, tá siad ag áitiú gur breacadh an téacs síos i bhfad roimh bhreith Chríost, agus an chuid eile barúlach go mbaineann sé leis an ochtú haois AD. Dealraíonn sé nach bhfuil sé níos nua ná sin, áfach.