An difríocht idir athruithe ar: "Sliabh Macedon"

m
no edit summary
m (Róbat: Athruithe cosmaideacha)
m
Baile beag atá suite 64 km siar ó thuaidh [[Melbourne]], príomhchathair [[Victoria]] na [[An Astráil|hAstráile]] is ea é '''Sliabh Macedon'''. Tá sé lonnaithe ar taobh an tsléibhe den ainm chéanna, tugtar '''Geboor''' (nó '''Geburrh''') uirthi ag na [[Wurundjeri]] (daoine [[Bundúchasaigh na hAstráile|Bundúchasacha]]), atá 1,001 meadár (3,284 troigh) os cionn leibhéal na mara. Dar leis an daonáireamh sa bhliain 2006, bhí 1,694 ina gcónaí i Sliabh Macedon. Tá clú agus cáil ar an mbaile de thoradh bhailiúchán ghairdíní agus tithe móra ón naoú haois déag atá suite sa bhaile, i measc na bailiúchaín is tábhachtaí san Astráil.
 
Bunaíodh an bhaile ag uasaicme na príomhchathair, tar éis Ruathar Óir i lár na naoú haoise déag, mar ionad samhraidh. Osclaíodh Oifig an Phoist ar 18 Iúil 1870, agus thugtaí ‘Upper Macedon’ air go dtí 1879, agus ‘Macedon Upper’ go dtí 1936. Bhí Oifig an Phoist oscailte ní ba luaithe dardarbh ainm ‘Mount Macedon’, sa bhliain 1843, ach bhí sé athainmnaithe ‘[[Kyneton]]’.
Bhí an sliabh feicthe ag [[Hamilton Hume]] agus [[William Hovell]] le linn a dturas go dtí [[Port Philip]] ó [[New South Wales]]. Bhaist siad ‘Sliabh Wentworth’ air. Tugadh ainm nua air ag an taiscealaí, an Maor [[Thomas Mitchell]], a dhreap an sliabh sa bhliain 1836. Thugtaí an t-ainm sin air ar son [[Pilib, rí na Macadóine|Philib, rí na Macadóine]], toisc go bhfuil Port Philip infheicthe ó bharr an tsléibhe.