An difríocht idir athruithe ar: "Wicca"

Content deleted Content added
mNo edit summary
Líne 2:
[[Creideamh]] draíochta nua-págánach is ea í an '''Wicca'''. Rinneadh forbairt uirthi i [[Sasana]] sa chéad leath na 20ú haoise, agus tháinig sí chun solais sa bhliain [[1954]] nuair a fhoilsíodh an leabhar ''Witchcraft Today'' ag an stát-seirbhíseach [[Gerald Gardner]]. Braitheann sí ar móitífeanna éagsúla le haghaidh a structúr agus deasghnátha, págántacht ársa agus móitífeanna heirméiteacha ón 20ú haoise go háirithe. Tagann an focal ''wicca'' ón bhfocal ''wicche'' sa [[Meán-Bhéarla|Mheán-Bhéarla]].
 
Reiligiún oscailte is ea í an Wicca, gan údarás lárnach nó duine atá i gceannas uirthi. Tá sí roinnte i dtraidisiúin éagsúla, le socruithe dá gcuid féin. Mar gheall ar a nádúr neamh-lárnach an Wicca, bíonn roinnt easaontas faoi cad í an Wicca go beacht. I dtraidisiúin áirithe (tugtar [[Wicca Bhreatnach Traidisiúnta]] orthu i gcoitinne), leanann siad nósanna agus scríbhinní de chuid Gardner, ach tugtar “Wicca” ar chreideamh agus nósanna eile ag daoine eile.
 
De ghnáth, is creideamh le beirt dia í an Wicca, ag adhradh dia amháin (Dia na n-Adharc) agus bandia amháin (Bandia Máthair). Feictear iad uaireanta mar aghaidheanna an dé céanna. Bíonn réimse leathan creidimh ann, ó [[ildiachas]] go [[aondiachas|haondiachas]]. Tá thart ar ocht céiliúradh sa Wicca, bunaithe ar na séisúir, ar a dtugtar “Sabbats” orthu. Tá moráltacht lucht Wicca ag brath ar ráiteas gan foinse darb ainm an [[Rede Wicca]] (‘the Wiccan Rede’ as [[Béarla]]). Baintear úsáid as nósanna draíochta go minic, ach níl sé riachtanach i gcónaí.