An difríocht idir athruithe ar: "Taipei"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Ximending at night.jpg|mion|Ximending, ceantar i lár Taipei, san oíche]]
Cathair suite i dtuaisceart na [[An Téaváin|Téaváine]] ar an abhainn an Tamsui é '''Taipei'''. Príomhchathair Phoblacht na Síne (an Téaváin) atá ann. Tá 2,618,722 duine ina gcónaí sa chathair féin (ar a dtugtar Cathair Taipei uaireanta). 6,900,273 an daonáireamh má chuirtear Taipei Nua agus Keelung san áireamh. Tá Taipei timpeallaithe ag Taipei Nua ar gach taobh. Calafort na cathrach is ea Keelung, agus é suite 22km thoir ó thuaidh.
 
Bunaíodh Taipei go luath san 18ú haois. Rinne an Rítheaghlach Qing príomhchathair na Téaváine de Taipei sa bhliain 1886. Lean Taipei mar phríomhchathair faoi na Seapánaigh, ón mbliain 1895 go cuireadh den oileán iad ag deireadh an [[Dara Cogadh Domhanda]]. Chuir rialtas [[Chiang Kai-shek]] faoi sa Téaváin i ndiaidh do na fórsaí cumannacha an bua a fháil ar na Náisiúnaigh (KMT) ar mhór-thír na Síne sa bhliain 1949. Taipei a bpríomhchathair agus tá an stádas sin ag Taipei go dtí an lá inniu. Tá cúrsaí eacnamaíocha agus cultúrtha na Téaváine lárnaithe sa chathair freisin.