An difríocht idir athruithe ar: "An Úcráin"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 45:
 
==Stair==
Bhí daoine ina gcónaí i gcríoch na hÚcráine ar a laghad ar feadh 44,000 bliain, agus tá seans maith ann gur thosaigh ceansú an chapaill anseo, agus freisin gur tír thionscnaimh na teangan Prota-Ind-Eorpaise í. Sna Meánaoiseanna, ba limistéar lárnach í de chultúr na nOir-Shlavach í, mar shampla, an stát cumhachtach 'Cív na Rúise'. Tar éis í a bheith ilroinnte sa 13ú haois, bhí an Úcráin faoi réir coimhlinte, forlámhais agus deighilte ag cumhachtaí éagsúla. Tháinig Poblacht Chosacach chun cinn le linn na 17ú agus an 18ú aoiseanna, ach, thairis sin, d'fhan an Úcráin roinnte go dtí a chomhdhlúthú isteach sa phoblacht Sóivéadach sa bhfichiú haois, go dtí gur bhain sí neamhspleáchas amach sa bhliain 1991. Le fada, bhí an Úcráin ina ciseán aráin domhanda, mar gheall ar an ithir shaibhir.

Sa bhliain 2011, bhí sí san tríú háit ar domhan i dtaobh onnmhairithe gráinne. Ina theannta sin, tá earnáil déantúsaíochta dea-fhorbartha aici, go háirithe i réimse an aeraspáis agus trealaimh thionsclaíocha.Is stát aonadach é an Úcráin atá comhdhéanta de 24 oblast ( cúige ), poblacht uathrialach amháin ([[An Chrimé]]) agus dá chathair a bhfuil stádas speisialta acu [[Cív]] ,a phríomhchathair agus an chathair is mó agus Sevastopol, ina mbíonn leaba ancaire in áirithe, faoi chomhaontú léasaithe, ag Cabhlach Rúiseach na Mara Duibhe. Is poblacht í an Úcráin, faoi chóras leath - uachtaránachta le craobhacha reachtacha , feidhmiúcháin , agus breithiúnacha ar leith. Tar éis gur tharla díscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, lean an Úcráin ag choimeád an dara fórsa míleata is mó san Eoraip, i ndiaidh na Rúise, nuair a cuirtear cúltacaí agus pearsanra paraimíleata san áireamh .
 
==Daonra==