An difríocht idir athruithe ar: "An Liotuáin"
Content deleted Content added
Líne 46:
== Stair ==
Rinneadh an chéad trácht ar an Liotuáin in aon scríbhinn sa bhliain [[1009]]. Sna Meánaoiseanna, áfach, bhain an stát seo amach tábhacht nach beag i gcúrsaí Oirthear na hEorpa. Áirítear gur cuireadh an chéad tús leis an Liotuáin mar stát ar an [[6 Iúil|6ú lá de Mhí Iúil]], [[1253]], nuair a corónaíodh an prionsa Mindaugas ina Rí ar an Liotuáin i Voruta. D'éirigh le Mindaugas an tsíorchogaíocht idir na diúic áitiúla a thabhairt chun síochána agus an tír a aontú. Ina dhiaidh sin, agus an rí Gediminas ag scuabadh roimhe sna críocha timpeall na Liotuáine, síneadh críocha an stáit i bhfad amach, agus é ag iompú ina ríocht mhór ilteangach - Ard-Diúcacht na Liotuáine. Sa cheathrú haois déag, bhí cuid mhór den Bhílearúis agus den Úcráin sealbhaithe ag an Liotuáin, agus críocha na tíre ag rith ó Mhuir Bhailt go dtí an Mhuir Dhubh.
Cé go raibh na Liotuánaigh agus a rítheaghlach ina bPagánaigh ina gcónaí, bhí siad i gceannas ar na sluaite móra de Chríostaithe, go háirithe Críostaithe Slavacha Oirthearacha sa Bhílearúis agus san Úcráin. Suíomh as an ngnáth ab ea é sin, agus theastaigh óna lán ríthe agus prionsaí Críostaí an aimhrialtacht seo a leigheas. Le tosach a bhaint díobh, chinn an tArd-Diúc Jogaila (Jagiełło as Polainnis) glacadh leis an gCríostaíocht ón bPolainn agus banphrionsa Polannach a phósadh, rud a rinne sé sa bhliain [[1386]]. Fuair sé coróin na Polainne sa teagmháil, agus ó sin i leith, bhí an dá thír seo á rialú ag an t-aon rí amháin i gcomhcheangal pearsanta. Sa bhliain [[1569]], chuaigh an Liotuáin agus an Choróin (is é sin, an Pholainn) le chéile ina gComhlathas Polannach-Liotuánach. Nuair a bhí na comharsana ag cúngú ar an gComhlathas cheana féin, rinne muintir an dá thír iarracht an teorainn eatarthu a chur ar ceal go hiomlán agus aon ríocht amháin a ghairm díobh. Ba chuid é seo de Bhunreacht na Bealtaine sa bhliain [[1791]], bunreacht forásach a reachtaíodh leis na Polannaigh is na Liotuánaigh a aontú chun troda ar na comharsana, mar atá, an Ostair, an Phrúis, agus an Rúis, a bhí ag féachaint le deireadh a chur le neamhspleáchas na Polainne agus críochdheighilt a dhéanamh ar a cuid tailte. Ní raibh an lá leis na Polannaigh ná leis na Liotuánaigh. Rinne an trí chomharsa an chríochdheighilt dheifnideach sa bhliain [[1795]], agus chuir siad an Pholainn de dhroim an tsaoil. Fuair na Liotuánaigh iad féin faoi chos na Rúise Impiriúla, ansin.
|