An difríocht idir athruithe ar: "Wicca"

Content deleted Content added
mNo edit summary
m Robot: pt:Wicca is a featured article; athruithe cosmaideacha
Líne 6:
De ghnáth, is creideamh le beirt dia í an Wicca, ag adhradh dia amháin (Dia na n-Adharc) agus bandia amháin (Bandia Máthair). Feictear iad uaireanta mar aghaidheanna an dé céanna. Bíonn réimse leathan creidimh ann, ó [[ildiachas]] go [[aondiachas|haondiachas]]. Tá thart ar ocht gcéiliúradh sa Wicca, bunaithe ar na séisúir, ar a dtugtar “Sabbats” orthu. Tá moráltacht lucht Wicca ag brath ar ráiteas gan foinse darb ainm an [[Rede Wicca]] (‘the Wiccan Rede’ as [[Béarla]]). Baintear úsáid as nósanna draíochta go minic, ach níl sé riachtanach i gcónaí.
 
== Creidimh ==
[[Íomhá: Five elements and pentagram.svg|mion|Na Cúig Eilimintí le peinteagram]]
Bíonn réimse leathan creidimh i measc lucht Wicca. Áfach, tá ailt chreidimh i gcoitinne idir na grúpaí éagsúla a bhaineann le diagacht, an saol atá le teacht, draíocht agus moráltacht.
=== An Dia agus an Bhandia ===
Go traidisiúnta, tá Wicca bunaithe go príomha ar polaraíocht inscne agus an t-adhradh ar Bandia na Gealaí agus Dia na n-Adharc. Go ginearalta, feictear an Dia agus an Bhandia mar leannáin agus rannpháirtigh ar bhonn cothrom, a chruthaíonn an chruinne go léir le chéile.
=== An Saol atá le Teacht ===
Creideann roinnt daoine Wicca i saol eile tar éis an bháis, agus tá creideamh in athionchollú ina alt traidisiúnta, a théann siar go dtí an coibhín New Forest sna 1930í.
=== Draíocht ===
Creideann a lán daoine Wicca i ndraíocht (‘magic’ nó ‘magick’ as Béarla), cumhacht gur féidir daoine ag cur faoi smacht trí chleachtadh draíochta nó asarlaíochta.
=== Moráltacht ===
Níl aon chód moráltach nó eiticiúil a leanann lucht Wicca i ngach traidisiún. Áfach, leanann an formhór cód darb ainm an “Rede Wicca” (“the Wiccan Rede” as Béarla), mar leanas: “an’ it harm none, do what ye will” – nó, “mura dhéanann sé dochar d’éinne, déan do thoil”. De ghnáth, ceaptar go dtugann sé saoirse ghnímh do dhaoine, chomh maith le freagracht ar a ngníomhaíochtaí féin, freagracht chun dochar ort féin agus ar daoine eile a sheachaint.
 
Déanann a lán daoine Wicca iarracht chun liosta de chuid ocht mbua a shaothrú, buanna atá luaite sa leabhar ''Charge of the Goddess'' le Doreen Valiente: gliondar, ómós, onóir, umhlaíocht, neart, áilleacht, cumhacht agus atrua.
=== Na Cúig Eilimintí ===
I dtraidisiúin áirithe, tá creideamh ann ar na cúig eilimintí claisiceacha, cé gur feictear iad mar chomharthaí ar cruthanna ábhar. Glaotar ar na cúig eilimintí seo le linn deasghnátha draíochta, go mór mór nuair atá ciorcal draíochta cosiricthe. Is iad na cúig eilimintí ná an t-aer, tine, uisce agus talamh, agus [[aether]] (nó spiorad), a cheanglaíonn na ceithre cinn eile le chéile.
=== Comharthaí ===
Úsáidtear réimse leathan chomharthaí ag lucht Wicca. Is é an ceann is coitianta ná an peinteagram, réalt le cúig Reanna. Tá baint ag gach rinn le ceann de na eilimintí claisiceacha, na cúig ghéaga atá ag daoine, srl. Is iad comharthaí coitianta eile ná an [[triskelion]], an [[triquetra]], an Tríúr cóiníní, agus an Trí-Ghealach.
== Nósanna ==
=== Nósanna Deasghnátha ===
Úsáidtear a lán deasghnátha i measc lucht Wicca nuair atá siad ag ceiliúradh na Sabbat, ag adhradh na déithe agus ag déanamh draíochta. Go minic, tarlaíonn na deasghnátha seo nuair atá an ghealach lán, nó uaireanta ag teacht na gealaí nua (an deasghnátha darb ainm Esbat).
 
=== Roth na Bliana ===
Ceiliúrtar roinnt maith d’fhéilte i rith na bliana, a thugtar “Sabbat” orthu ag lucht Wicca. Tugtar ‘Roth na Bliana’ ar na féilte go léir. Bíonn lucht Wicca ag ceiliúradh ocht gcinn, don chuid is mó. Áfach, níl ach ceithre ag grúpaí le baint le Clann Tubal Cain, agus sé chinn ag Ros an Bucca (grúpa as [[Corn na Breataine|Chorn na Breataine]]. Tugtar “Greater Sabbats” ar na ceithre Sabbat a cheiliúrtar ag gach grúpa a tháinig as an mBreatain, is iad sin, Candlemas, Oíche Bhealtaine, Lughnasadh, agus Samhain. Ceiliúrtar na cónochtaí agus na grianstadanna chomh maith, mar “Lesser Sabbats”.
 
Líne 66:
|1 Samhain
|[[Págántacht Cheilteach]] (''féach freisin'' [[Ceiltigh]])
|An t-earrach faoi lán tseoil; [[Sióg|Sióga]]a
|-
|[[Lá Fhéile Eoin|Litha]]
Líne 87:
|}
 
=== Deasghnátha tionscnaimh ===
[[Íomhá: Paganavebury.jpg|mion|Deasghnáth ‘Handfasting’ na [[Beltane]] ag [[Avebury]], Sasana, sa bhliain 2005]]
Feictear deasghnátha tionscnaimh éagsúla sa reiligiún Wicca, agus is í an deasghnátha is tábhachtaí ná teacht isteach do dhuine mar chreidmhach nua. Sa Wicca Bhreatnach Traidisiúnta, bíonn oidhreacht a théann siar go Gerald Gardner, agus uaidh go dtí coibhín New Forest, cé nach bhfuil cruthúnas go raibh an coibhín seo ann. Mháigh Gardner féin go raibh tréimhse traidisiúnta (bliain amháin agus lá) idir tús a gcuid stáidéir agus nuair a ghlacadh iad mar dhuine Wicca, ach bhris sé an riail seo go minic le creidmhigh nua.
 
Is deasghnáth eile í an “Handfasting”, a cheiliúrtar ag lucht Wicca agus úsáidtear í mar fhocal mhalartach le haghaidh “pósadh”.
=== Leabhar na Scátha ===
Níl aon leabhar naofa ann sa reiligiún Wicca, cé go bhfuil scríbhinní agus leabhair áirithe atá tábhachtach le traidisiúin éagsúla. Bhain Gerald Gardner úsáid as leabhar le scríbhinní éagsúla ina choibhíní, ar a dtugtar ''Leabhar na Scátha'' (''Book of Shadows'' as Béarla), a d’athraíodh agus a mhéadaíodh go minic. Tá scríbhinní ann a tháinig ó fhoinsí éagsúla, “Aradia” le Charles Godfrey Leland (1899) agus saothair de chuid [[Aleister Crowley]] (bhí aithne ag Gardner ar an bhfear seo go pearsanta). Tá samplaí ann de chuid dánta a bhí cumtha ag Gardner agus a Ard-Bansagart Doreen Valiente (is í ''Charge of the Goddess'' an ceann is suntasaí).
 
== Traidisiúin ==
Tagraíonn an fhocal ‘Traidisiún’ sa Wicca do shainchreideamh sa reiligiún. Bíonn a lán shainchreidimh ann, chomh maith le creidmhigh nach leanann traidisiún ar bith, daoine atá ag obair ina n-aonair. Bíonn coimhíní ann gan traidisiún chomh maith.
=== Coibhíní ===
Eagraítear cuid mhaith lucht Wicca i gcoimhíní le sagairt agus banshagairt. Is grúpai neamhspléacha iad na coimhíní, le Ard-Shagart agus Ard-Bhanshagart i gceannas go minic, ag obair le chéile. Deirtear go minic go bhfuil trí bhall déag an méid ceart do choimhín, ach ní riail ceart í seo. Nuair a fhásann coimhín ró-mhór, déantar coimhíní nua as, ach fanann siad ceangailte mar ghrúpa.
=== Wicca Eicléictiúil ===
Ní leanann cuid mhór lucht Wicca aon traidisiún amháin. Is iad an lucht Wicca eicléictiúil, a dhéanann a mbealach spioradalta féin. Ní thréigtear na traidisiúin i gcónaí i measc lucht Wicca eicléictiúla. Is féidir creidmhigh eicléictiúla lean lena smaointí agus deasghnátha féin, agus lean bealach reiligiúnach áirithe fós. Baineann na bealaigh seo úsáid as reiligiún na talún nó traidisiúin na hÉigipte, na Gréige, na Sacsanach, na Angla-Sacsanach, na Ceilteach, na hÁise, na hEabhracha, agus traidisiúin na Polainéiseach.
 
== Stair ==
 
=== Bunús, 1921–1935 ===
I rith na 1920í agus 1930í, d’fhoilsigh an Dr. Margaret Murray roinnt leabhair faoina teoiric nach raibh fia-chailleacha a bhí curtha chun báis san [[Eoraip]] go luath sa Ré Nua-aimseartha ina gcairde le [[Sátan]], mar a mháigh a naimhde, ach creidmhigh de chuid reiligiún págánach Réamh-Chríostaí – an “Witch-Cult”. Ó shin i leith, dhiúltaigh formhór lucht acadúla an tuairim seo.
 
Tagann an chéad fianaise ar chleachtadh reiligiún nua-Págánach Draíochta i Sasana le linn na 1930í (is é sin, reiligiún gur féidir ‘Wicca’ a thabhairt uirthi). De réir dealraimh, thosaigh roinnt grúpaí in áiteanna faoin tuath ar fud na tíre – i [[Norfolk]], [[Cheshire]] agus an [[New Forest]], chun lean ar aghaidh ar na ‘traidisiúin’ a bhí luaite ag Murray, cé go raibh tionchair eile a tháinig ó fhoinsí éagsúla cosúil le [[draíocht dheasghnách]], [[draíocht sí]], [[Máisiúnachas]], [[Diasúnacht]], [[Rómánsachas]], miotaseolaíocht chlaisiceach agus reiligiúin na hÁise.
 
=== Luath-Fhorbairt, 1936–1959 ===
Tosaíonn stair nua-aimseartha Wicca le Gerald Gardner ("Athair Wicca") i lár na 20ú haoise. Ba iar-stát-seirbhíseach Bhreatnach agus antraipeolaí amaitéarach é Gardner, agus bhí eolas maith aige ar an bpágánachas agus [[Diamhrachas]]. Mháigh sé gur ndeachaigh sé isteach coibhín fia-chailleach sa New Forest, Hampshire, go déanach sna 1930í. Le rún daingean aige chun lean ar aghaidh leis an gceird seo, bhunaigh Gardner "Coibhín Bricket Wood" lena bhean chéile Donna sna 1940í, nuair a cheannaigh sé Fiveacres Country Club.[93] Tháinig cuid mhór den bhallraíocht ó bhaill an chluib sin, agus bhí cruinnithe reachtáilte ar thalamh an chluib. Bhí a lán duine clúiteach an Wicca baill dá choibhín, [[Dafo]], [[Doreen Valiente]], [[Jack Bracelin]], [[Frederic Lamond]], [[Dayonis]], [[Eleanor Bone]] agus [[Lois Bourne]] ina measc.
 
D’fhás an reiligiún nua seo ó 1951 i leith, nuair a chealaíodh an t-Acht Draíochta 1735 (‘Witchcraft Act of 1735’). Tar éis sin, thosaigh Gardner agus daoine eile cosúil le Charles Cardell agus Cecil Williamson ag scaipeadh a leaganacha féin don Cheird (‘the Craft’). Níor úsáid Gardner agus creidmhigh eile an focal "Wicca" mar ainm reiligiúnach riamh, ach bhain siad úsáid as frásaí cosúil le "witch cult", "witchcraft", agus "Old Religion". Áfach, rinne Gardner tagairt don fhia-chailleacha mar "the Wica". I rith na 1960í, d’athraigh ainm na reiligiúin go "Wicca". D’éirigh an traidisiún de chuid Gardner (nó "Gardnerianism" níos déanaí) mar an leagan Wicca is mó i Sasana, agus scaip sé go áiteanna eile sa Bhreatain agus in Éirinn.
 
=== Athraithe agus scaipeadh, 1960–inniu ===
Nuair a chailleadh Gardner sa bhliain 1964, lean fás ar an ‘Craft’ gan stad, d’ainneoin droch-cháil sna meáin Bhreatnacha. D’éirigh traidisiúin nua faoi tionchar duine mór-le-rá cosúil le [[Robert Cochrane]], [[Sybil Leek]], agus [[Alex Sanders]] go háirithe. Tá an leagan Wicca a bhí curtha chun cinn ag Sanders, “Alexandrian Wicca’, bunaithe ar Wicca de chuid Gardner, ach le béim curtha ar draíocht dheasghnách. Scaip sé go tapaigh agus tharraing aird na meáin uirthi. Faoin am seo, thosaigh daoine an focal "Wicca" a úsáid go coitianta in áit "Witchcraft", agus scaipeadh an chreideamh go tíortha cosúil leis na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]] agus an [[An Astráil|Astráil]].
 
Sna 1990í, mhéadaigh aird na meáin ar lucht agus creideamh Wicca le scannáin cosúil le “The Craft” agus sraitheanna teilifíse cosúil le "[[Charmed]]", ag tabhairt aitheantas níos mó don chreideamh i measc daoine óga go háirithe. Ní raibh an lucht Wicca sásta leis an bhforbairt seo, mar bhí an chreideamh léirithe mar eicléictiúil, le tionchar mhór ghluaiseacht na hAoise Nua ag cur isteach uirthi. Mar fhreagra, d’iompaigh mórán fia-chailleacha do bhunús réamh-Gardner na Ceirde, agus don traidisiúin a choimhlinteoirí cosúil le Cardell agus Cochrane, ag cur síos orthu féin mar daoine a leanann an "Draíocht Traidisiúnta" (“Traditional Witchcraft”). Tá "Cultus Sabbati" de chuid [[Andrew Chumbley]], agus an coibhín [[Corn na Breataine|Chornach]] "Ros an Bucca", i measc na grúpaí móra in athbheochán an Draíocht Traidisiúnta..
 
== Déimeagrafaic ==
Níl a fhios ag éinne an méid duine a chreideann sa Wicca go beacht, ach dar le adherents.com, bíonn thart ar 800,000 creidmhigh ann san íomlán. Fuair an American Religious Identification Survey gur tháinig méadú ar an méid lucht Wicca le blianta fada anuas, ó 8,000 sa bhliain 1990, 134,000 sa bhliain 2001, go 342,000 sa bhliain 2008. Tá thart ar 75% lucht Wicca sa Stáit Aontaithe ina mná.
 
Sa Ríocht Aontaithe, i nDaonáireamh na bliana 2011, scríobh 11,766 duine gur lucht Wicca iad, agus 1,276 daoine eile gur chleachtaigh siad “Witchcraft”.
 
 
[[Catagóir:Creideamh]]
 
{{Nasc AR|pt}}