An difríocht idir athruithe ar: "An Gorta Mór"

Content deleted Content added
/* Lá na dTithe anraith
Líne 43:
Ní raibh seirbhísí sláinte na hÉireann chomh dona is a shílfeá, nó bhí mogalra maith d'ospidéil agus d'íoclanna ann, ach nuair a thosaigh na céadta othair ag tonnadh isteach, is léir gur cuireadh na dochtúirí thar a n-acmhainn. Rinneadh iarrachtaí ospidéil nua a oscailt agus tuilleadh foirne a fhostú le freastal ar riachtanaisí na héigeandála, ach is beag gar a bhí ann nuair a tháinig an crú ar an tairne. Thairis sin, ní raibh leigheaseolaíocht an ama in ann ag an dinnireacht ná ag go leor eile de na galair thógálacha a chuaigh leis an ngorta.
 
== Lá na dTithe Súipanraithe ==
 
I dtús na bliana 1847, tháinig an tuiscint ag an lucht rialtais go gcaithfí, roimh aon rud eile, muintir na hÉireann a choinneáil beo. Mar sin, cinneadh ar bhia a sholáthar do na bochtáin as tithe súip. Bhí [[Cumann na gCarad]] – na Caecair – i mbun oibre den chineál seo cheana féin, agus iad ag áitiú ar an Rialtas an sampla a leanúint.