An difríocht idir athruithe ar: "Talamh an Éisc"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 2:
Oileán mór ar imeall thiar an [[An tAigéan Atlantach|Aigéin Atlantaigh]] is ea '''Talamh an Éisc''' ([[Béarla]]: ''Newfoundland'', [[Fraincis]]: ''Terre-Neuve''). Tá an t-oileán suite sna cúigí, [[Talamh an Éisc agus Labradar]], i g[[Ceanada]].
 
Labhraítear trí theanga ar an oileán maorga seo - mar atá - [[Gaeilge]], [[Béarla]] agus an [[Fraincis|Fhraincis]]. Faigheann an t-oileán a ainm ó iascairí [[Éire]]annacha a raibh eolas acu ar an oileán le fada an lá. Chuir a lán Éireannach fúthu san oileán seo i dtús an chéid seo caite agus sa réim timpeall na príomhchathrach, [[Baile Sheáin]]. Le fada an lá, ba í an Ghaeilge an teanga ba choitianta a d'airítí á labhairt i gceantair áirithe ar an oileán. Ar 3 Meitheamh ([[1948]]) bhí olltoghchán ann agus léirigh na daoine gur mhian leo ceangal buan le Ceanada a bheith acu. Rinneadh cúige de chuid Cheanada de ar an 3ú lá de mhí Mhárta 1949.<ref>{{cite journal|url=http://www.ucs.mun.ca/~melbaker/confederation1949.htm|title=The Tenth Province: Newfoundland joins Canada, 1949|journal=Horizon|volume=10|issue=11|last=Baker|first=Melvin|year=1987|pages=2641–67|accessdate=3 Aibreán 2014}}</ref> Le himeacht ama tháinig meath ar an méid Gaeilge, Gàidhlig agus Fraincise a bhí á labhairt ann. Sa lá atá inniu ann, is é an Béarla an phríomhtheanga a labhraítear ar an oileán.
 
[[Íomhá:NLW GrosMorne1 tango7174.jpg|mion|275px|Sléibhte Long Range ar chósta thiar an oileáin]]
 
==Tagairtí==