An difríocht idir athruithe ar: "Väinö Linna"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 59:
Tháinig an chéad chuid den tríológ amach sa bhliain [[1959]]. Bhí an tsraith críochnaithe i ndiaidh trí bliana, agus ansin, d'éirigh sé as an úrscéalaíocht, ó bhí sé tar éis a theachtaireacht a reic, mar a dúirt sé. Ina dhiaidh sin féin, scríobhadh sé aistí i gcónaí.
 
Sa bhliain 1984, buaileadh Väinö Linna le stróc a d'fhág gan chaint é. B'í ailse na scamhóg a chaill é, ocht mbliana ina dhiaidh sin.
 
==Leabhair le Väinö Linna==
 
* ''Päämäärä'' (1947)
* ''Musta rakkaus'' (1948)
* ''Erään miehen loppu'' ("Bás an fhir áirithe seo"), gan fhoilsiú. Nuair a fuair Linna nach raibh sé in ann an leabhar faoi Mheisias a chríochnú, bhí sé sásta an chuid chríochnaithe den lámhscríbhinn a chur faoi bhráid an fhoilsitheora le go bhféadfaí í a iompú ina leabhar faoin teideal seo. Níor tháinig an leabhar i gcló riamh, áfach.
* ''Tuntematon sotilas'' (1954). Foilsíodh aistriúchán Béarla faoin teideal ''The Unknown Soldier'', ach tá an t-aistriúchán seo ina ábhar conspóide, ós rud é nach bhfuil sé sách dílis don bhuntéacs.
* ''Täällä Pohjantähden alla 1-3'' (1959,1960,1962). D'aistrigh Richard Impola an tríológ go Béarla faoin teideal ''Under the North Star'' (cuid 1), ''Under the North Star 2: Uprising'' (cuid 2), agus ''Under the North Star 3: Reconciliation''.
* ''Oheisia'' ("Nótaí Breise"), 1967 (cnuasach aistí)
* ''Murroksia'' ("Bristeacha"), 1990 (cnuasach aistí)
* ''Kootut teokset I-VI'', 2000 (saothar iomlán)
* ''Sotaromaani'' ("An tÚrscéal Cogaidh"), 2000 (lámhscríbhinn an úrscéil úd ''Tuntematon sotilas'')
 
[[Rang:Daoine a rugadh i 1920]]