An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga Uladh"

m
m (Bot: Migrating 12 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q1482143 (translate me))
== Tús a Staire ==
 
Bunaíodh Constáblacht Ríoga Uladh ([[Béarla]]: ''Royal Ulster Constabulary'', giorrúchán: RUC) go hoifigiúil ar an chéad lá de Mhí an Mheithimh sa bhliain [[1922]]. B'iad na Foirgnimh Atlantacha i mBéalm[[Béal Feirste]] ceanncheathrú an fhórsa nua póilíneachta, agus b'é Charles Wickham an chéad Chigire Ginearálta. Bhí an chonstáblacht an-chosúil le [[Constáblacht Ríoga na hÉireann]], agus an dá phríomhdhualgas céanna uirthi, mar atá, an dlí a chur i bhfeidhm agus an ''status quo'' polaitiúil a chosaint. Ar nós Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, chaitheadh "saighdiúirí dubha" an fhórsa nua sainéide dhubhuaine, difriúil ar fad le cultacha dúghorma na bpóilíní Sasanacha agus an [[Garda Síochána|Gharda Síochána]]. Difríocht eile ab ea é go raibh na constáblaí Ultacha ag iompar arm tine leo.
 
A thúisce is a tháinig an chonstáblacht nua ar an bhfód, chuaigh sí ag obair i [[Béal Feirste|mBéal Feirste]] agus i [[Doire|nDoire]] leis na ciréibeacha agus na dúnmharuithe seicteacha a stopadh. Díreach nuair a bhí Tuaisceart na hÉireann ag dul trína phianta breithe, thabhaigh Cigire Ceantair de chuid na Constáblachta dar shloinne Nixon míchlú dó féin ó na Caitlicigh a bhí suite siúráilte go raibh sé ag glacadh páirte sna dúnmharuithe seicteacha. Níor gearradh pionós ar bith dó riamh, áfach, agus uair amháin, chuir sé féin dlí an leabhail ar dhuine acu siúd a bhí ag scaipeadh na ráflaí faoina pháirtíocht leis na dúnmharfóirí. Ní ba déanaí, chuaigh sé le polaitíocht ina Fheisire Aontachtach Neamhspleách.
 
Agus na fichidí ag sleamhnú thart, chuaigh an foréigean féin i laige i dTuaisceart na hÉireann. Las sé suas arís le teacht na géarchéime eacnamaíochta sna tríochaidí, agus an tIRA ag pléascadh an chorrbhuama sa Bhreatain Mhór agus i stáitín an Tuaiscirt. Le linn [[an Dara Cogadh Domhanda]], b'í an smuigléireacht an chloch ba mhó ar phaidrín na Constáblachta, agus í ag iarraidh rialúcháin speisialta éigeandála an chogaidh a choinneáil i bhfeidhm. I Mí Aibreáin 1943, fáiltíodh roimh an chéad chonstábla mná go dtí an fórsa.
366

edits