An difríocht idir athruithe ar: "Gaeil"

16 bytes added ,  6 bliana ó shin
m
Tamall éigin tar éis 8000 RC tháinig na chéad daoine [[Méasailiotacha]] chun na hÉireann agus iad ina bhfiagaithe agus ina g[[cnuasaitheoir]]í. Ní fios cén teanga a bhí acu, ach idir 4500 agus 4000 RC tháinig daoine [[Neoiliteach]]a agus iad ina bh[[feirmeoir]]í. Thug siad [[Caora|caoirigh]], [[Gabhar|gabhair]], [[beith]]ígh agus barra (go háirithe [[cruithneacht]] agus [[eorna]]) leo. Áitíonn scoláirí éigin gur leosan a tháinig an chéad teanga Ind-Eorpach, teanga a n-eascródh an Ghaeilge aisti níos faide anonn.<ref>Féach Renfrew agus é ag plé chomhleathnú na curadóireachta agus na hInd-Eorpaise.</ref>
 
Tháinig [[Éire]] faoi anáil chultúir mhóra ábhartha na h[[an Eoraip|Eorpa]]: thosaigh an Chré-Umhaois ann timpeall 2500 RC agus thosaigh an t[[Iarannaois]] timpeall 800 RC. Ba ghnách riamh úsáid an iarrainn a chur i leith na gCeilteach de bharr iarsmaí a fuarthas i lár na hEorpa agus iad chomh sean le 8000 RC, ach is beag fianaise atá le fáil ar ionradh Ceilteach, agus is mó an trácht a dhéantar anois ar idirleathnú teicneolaíoch ná ar idirleathnú pobail. Tá le tuiscint as sin nach gá teacht na nGael agus déanamh na n-earraí [[Iarann|iarainn]] a chomhcheangal le chéile, d'ainneoin na bhfinscéalta a chuireann síos ar ionraí aniar.
 
Muintir Mhéasailiotach a bhí ann ar dtús: iad ag seilg, ag [[iascaireacht]] agus ag cnuasach.
 
Tháinig an fheirmeoireacht mar chuid den tréimhse Neoiliotach, agus leachtanna móra á dtógáil. Sa Chré-Umhaois tógadh leachtanna nua, ach in ionad na seantuamaí comhchoiteanna tháinig uaigheanna aonair, leaca cloiche istigh iontu agus soithí maiseacha. Sa Iarannaois tosaíodh ag tógáil dúnta móra agus an chuid is mó acu le fáil in iarthar na tíre.
 
[[Íomhá:Carrowmore tomb, Ireland.jpg|thumb|left|Tuamaí clochaoise sa Cheathrú Mhór, Sligeach[[Contae Shligigh]]]]
 
Cibé athruithe cultúrtha a tharla i measc na scothaicme, is léir go raibh an-leanúnachas ag baint le saol na ngnáthdhaoine: tá an fhianaise le fáil sna hiarsmaí a thugann léargas ar bheatha mhuintir na tuaithe ó ghlúin go glúin, agus iad á gcur féin in oiriúint go dlúth d'aeráid agus do luí na tíre maidir le modhanna curadóireachta, le cothú, le ceirdeanna. Neartódh sin leis an tuairim go raibh na Gaeil ann ón aimsir Neoiliotach amach, béascna agus teanga ar leith acu agus iad in ann pobail nua a Ghaelú de réir mar a tháinig siad siúd isteach. D'fhágfadh sin gur tábhachtaí cultúr ná cine.<ref>Féach Mitchell agus Ryan, Nolan, agus E. Estyn Evans i ngeall ar chúrsaí tíreolaíochta agus dúchais.</ref>
366

edits