An difríocht idir athruithe ar: "Gráinne Ní Mháille"

Content deleted Content added
→‎A saol: Cliara
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Grace2.jpg|250px|deas|thumb|Gráinne Ní Mháille ag buaileadh le [[Eilís I Shasana|Banríon Eilís I]] i [[Londain]] sa bhliain [[1593]].]]
Taoiseach [[Gael]]ach agus [[foghlaí mara]] ab ea '''Gráinne Ní Mháille''' ([[1530]]-[[1603]]), '''Gráinne Umhall''' nó '''Gráinne Mhaol''' mar a tugtaí de ghnáth uirthi.
 
Líne 5:
 
== A saol ==
Rugadh Gráinne sa bhliain [[1530]] i nDún Bhéal an Chláir, [[Contae Mhaigh Eo]]. Ba iníon í le Mairéad agus Dúdarach Ó Máille, taoiseach na Máilleach. Timpeall na bliana [[1544]], phós sí Dónall an Chogaidh Ó Flaithearta, a raibh cuid mhaith de chósta thiar theas [[Conamara|Chonamara]] faoina cheannas. Agus Gráinne Mhaol i mBun Abhann, príomhbhaile Dhónall an Chogaidh, chuir sí loingeas mór le chéile agus ghearradh sí cáin ar na longa a bhíodh ag teacht isteach i g[[Cuan na Gaillimhe]] chun trádála leis an gcathair. Sa bhliain [[1565]], mharaigh na Seoighigh, naimhde na bhFlaitheartach, Dónall an Chogaidh, agus ghlac mic Ghráinne ceannas ar thailte a n-athar. Phill Gráinne ar thailte a hathar féin ar chósta Chuan Mó, agus phós sí Risteard Búrc an bhliain dár gcionn, [[1566]]. In [[1577]] gabhadh Gráinne fad is a bhí sí ag foghlaíocht ar Chósta na [[Cúige Mumhan|Mumhan]]. Cuireadh go [[Baile Átha Cliath]] í, áit ar coinníodh ar feadh dhá bhliain í sular ligeadh saor í. I [[1593]], chuaigh sí go [[Londain]] chun breathnadh ar [[Eilís I Shasana|Eilís I]], banríon le banríon. Ba in [[Oileán Chliara]] in iarthar [[Cuan Mó]] a bhí a baile. Bhí caisleán mór eile aici in [[Acaill]]. Fuair Gráinne bás sa mbliain [[1603]].
 
De réir an tseanchais, tugadh "Maol" uirthi mar leasainm toisc gur bhearr sí a cuid foilt ar fad dá ceann chun a bheith in ann dul amach ar an bhfarraige leis na fir--ní raibh athair Ghráinne sásta ligint do bhean teacht ar an mbád agus, mar gheall air sin, bhearr Gráinne a gruaig chun a bheith cosúil le fear. Nuair a chonaic a hathair a cloigeann maol, ligeadh isteach sa mbád í.
Líne 14:
== Féach freisin ==
[[Tiobóid na Long]]
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{síol}}