An difríocht idir athruithe ar: "Fredrik Pacius"

Content deleted Content added
Addbot (plé | dréachtaí)
m Bot: Migrating 19 interwiki links, now provided by Wikidata on d:q327024 (translate me)
No edit summary
Líne 5:
 
Sa bhliain 1852 a chum Pacius an dara saothar is cáiliúla aige, mar atá, an chéad cheoldráma Fionlannach riamh. ''Kung Karls jakt'' atá air as Sualainnis, agus ''Kaarle-kuninkaan metsästys'' as Fionlainnis - ciallaíonn an dá ainm sin ''An Rí Séarlas ag Sealgaireacht''. Ba é Zacharias Topelius, duine de scríbhneoirí bisiúla na linne san Fhionlainn, a scríobh téacs don cheoldráma: cur síos atá ann, go bunúsach, ar thuras sealgaireachta Rí na Sualainne go dtí an Fhionlainn. Ós rud é gur cuid den Rúis Impiriúil ab ea í an Fhionlainn ag an am, bhí a phriacal féin ag baint leis an ábhar. Mar sin féin, ó tharla gur chuir an ceoldráma béim ar dhílseacht an náisiúin don rí, níor bhac na cinsirí lena stopadh.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{stumpa}}