An difríocht idir athruithe ar: "An Bhútáin"

Content deleted Content added
m Robot: mk:Бутан is a featured article; athruithe cosmaideacha
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
Líne 42:
Is [[tír]] thalamhiata í '''Ríocht na Bútáine''' s[[an Áise Theas]], atá suite ag an taobh thoir de [[na Himiléithe]]. Tá [[India|Poblacht na hIndia]] teorainn ar theorainn léi sa deisceart, san oirthear agus san iarthar agus tá [[an tSín]] teorainn ar theorainn léi sa tuaisceart. Tugann muintir na Bútáine ''Druk Yul'' (Dzongkha: འབྲུག་ཡུལ་ 'drug yul) ar an tír. Ciallaíonn sé seo "Talamh Dhragan na Toirní".
 
Bhíodh an Bhútáin ar cheann de na tíortha ba iargúlta ar domhan ach diaidh ar ndiaidh tá méid áirithe forbartha ar siúl go háirithe sna ceantair uirbeacha. Fad is atá an fhorbairt shocair seo á chothú ag an rialtas tá iarrachtaí ar súil gan cultúr agus traidisiúin na tíre a mhilleadh. Chuige sin, d'fhorbair rialtas na tíre a fhealsúnacht féin a dtugtar "[[Oll-sonas Náisiúnta]]" uirthi ([[Béarla]] "''Gross National Happiness''") agus mar aon le forbairt inbhuanaithe ([[Béarla]]'': “sustainable development”''), cuirtear béim faoi leith ar chultúr agus ar thimpeallacht na tíre a chaomhnú, agus ar dhea-chleachtas i dtaobh bainistíocht acmhainní. De réir suirbhé a dhein Ollscoil Leicester sa bhliain 2006, ar tugadh "World Map of Happiness" air, is iad na Bútánaigh na daoine is sonasaí ar domhain.
 
Tá achar 38,394 ciliméadar cearnaithe (14,824 troigh cearnaithe) ag an tír agus réimse leathan de thírdhreachtaí éagsúla inti, ó mhánna fothrópaiceacha an deiscirt go dtí sléibhte arda na Himiléithe sa tuaisceart, áit a bhfuil na beanna is airde os cionn seacht míle méadar.
 
Is í [[Thimphu]] an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Tá 100,000 daoine ina gcónaí ann.
 
Is Búdaithe iad formhór na ndaoine agus is reiligiún an stáit é [[an Búdachas Vajrayana]]. Is é an [[Hiondúchas]] an dara reiligiún is mó sa tír.
Líne 54:
== Ainm ==
 
Ar ndóigh, is ón bhfocal Béarla “''Bhutan''” a thagann ainm na tíre sa Ghaeilge ach ní fios go beacht bunús an fhocail sin. Teoiric amháin ná go dtagann ainm na tíre ón bhfocal Sanscrait "''Bhu-Utthan''" (भू-उत्थान; garbhchríoch). De réir teoirice eile, tagann sé ó "''Bhoṭa-anta''" (भोट-अन्त) a chiallaíonn, "ag ceann na Tibéide" ós rud é go bhfuil an Bhútáin suite díreach ó dheas ón Tibéid.
 
Go stairiúil, tugadh an-chuid ainmneacha ar an tír, a leithéid de "''Lho Mon''" (talamh theas an dorchadais), "''Lho Tsendenjong"'' (talamh theas na cufróige), "''Lhomen Khazhi''" (talamh theas na gceithre rochtain) agus "''Lho Men Jong''" (talamh theas na luibheanna míochaine)
Líne 62:
Cé go bhfuil fianaise seandálaíche ann gur chuir daoine fúthu sa Bhútáin ar dtús chomh luath le 2000 R.C., is é turas [[Padmasambhava]], sa bhliain 747, an eachtra is luaithe a bhfuil trácht air i dtaifead stairiúil na tíre<ref>http://www.buddhistchannel.tv/index.php?id=18,963,0,0,1,0</ref>. Eisean, a deirtear, a thiontaigh muintir na háite, muintir na Tibéide agus muintir na tíortha máguaird ina mBúdaithe.
 
Níor aontaíodh críocha na Bútáine go dtí luath san 17<sup>ú </sup>aoise nuair a tháinig an láma Tibéadach [[Shabdrung Ngawang Namgyal]] go dtí An Bhútáin ag iarraidh dídine sa bhliain 1616 agus é ag teitheadh ó ghéarleanúint reiligiúin sa Tibéid. Faoin uair a fuair sé bás sa bhliain 1652, bhí iarthar na Bútáine faoi smacht rialtas amháin agus cúig bliana níos déanaí, bhí an tír ar fad aontaithe.
 
Tar éis teacht Namgyal agus nuair a chinntigh sé tacaíocht na gclann ba shaibhre in iarthar na Bútáine, d'ordaigh sé sraith dúnfort láidir (nó “[[dzong]]”) a thógáil chun na tíre a chosaint ó ionsaithe na Tibéide agus d'fhógair sé córas dlíthe chun smacht a chur ar na tiarnaí áitiúla. Tá cuid mhaith de na dzong a tógadh i rith na hama seo fós le feiceáil. Úsáideach agus úsáidtear iad mar lárionaid reiligiúin agus mar lárionaid riaracháin do na ceantair éagsúla.
 
Sa bhliain 1634, fearadh [[Cath na gCúig Láma]]. Bhuaigh Shabdrung Ngawang Namgyal ar na fórsaí Tibéadacha agus na fórsaí Bútánacha a bhí aontaithe ina choinne agus comhaontaigh sé An Bhútáin in aon tír amháin don gcéad uair.
 
Tar éis báis Namgyal sa bhliain 1651, bhí sraith cogaí cathartha sa Bhútáin. Agus an tír ina cíor thuathail, d'ionsaigh an Tibéid sa bhliain 1710 agus arís sa bhliain 1730. Thug na Mongólaigh cabhair dóibh. Theip ar a gcuid ionsaithe áfach, agus fógraíodh sos cogaidh sa bhliain 1759.
Líne 83:
D'éag Jigme Dorji Wangchuck i mí Iúil 1972 agus tháinig a mhac, [[Jigme Singye Wangchucki]], i gcomharbacht air agus é in aois a 16.
 
Thóg an rí nua isteach sraith mhór leasaithe: aistríodh an chuid is mó dá chumhachtaí riaracháin go dtí an Coiste Comhaireachta agus tugadh cead an rí a tháinseamh don gcéad uair riamh. Sa bhliain 1999, cuireadh ar ceal an cosc a bhí ar craolachán teilifíse agus a bhí ar rochtain idirlín. Achtaíodh bunreacht nua go luath sa bhliain 2005 agus bliain níos déanaí thug sé suas an choróin ar mhaite lena mhac ba shine [[Jigme Khesar Namgyel Wangchuck]]. Toghadh teach uachtarach an reachtais, [[An Chomhairle Náisiúnta]], don gcéad uair i Mí na Nollag 2007 agus toghadh teach íochtarach an reachtais, [[An Tionól Náisiúnta]], don gcéad uair i Mí an Mhárta 2008, ocht mí roimh chorónú an rí nua.
 
== Tagairtí ==