An difríocht idir athruithe ar: "1. Fußballclub Union Berlin"

Content deleted Content added
m Robot: de:1. FC Union Berlin is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 36:
}}
 
Is club [[Sacar|peile]] i m[[Beirlín]] sa [[An Ghearmáin|Ghearmáin]] é '''1. FC Union Berlin'''. Bunaíodh an club sa bhliain [[1906]] faoin ainm ''F.C. Olympia Oberschöneweide'' agus tugadh ''Union Oberschöneweide'' orthu sa bhliain [[1920]]. Tar éis an [[An Dara Cogadh Domhanda|Dara Cogadh Domhanda]] bhí ainmneacha difriúla ar an gclub. Athbhunaíodh an club sa bhliain [[1966]] faoin ainm atá air inniu. B'iad an lucht leanúna a roghnaigh an t-ainm sin. Is iad dearg agus bán dathanna an chlub.
 
Imríonn an fhoireann a gcuid cluichí sa [[staid]] ''An der Alten Försterei'' (21,717 duine faoi láthair) in oirdheisceart Bheirlín. I séasúr 2008/09, nuathógtar cuid mhór den staid ag na céadta (timpeall 2,000) de lucht leanúna iad féin (gan aon phá) chun í a chur in oiriúint don lá inniu agus do na rialacha [[DFB]] um staideanna sa Ghearmáin. Dá bhrí seo, chaithfeadh Union a gcuid cluichí baile 2008/09 a imirt i staid ''Friedrich-Ludwig-Jahn-Sportpark'' i gceantar [[Prenzlauer Berg]] de Bheirlín. Nua-osclaíodh staid ''An der Alten Försterei'' ar an [[8 Iúil]] [[2009]] le cluiche cairdeachais in aghaidh [[Hertha BSC]]. Sa séasúr seo chugainn, nuathógfar an príomhfhoirgneamh leis an bpríomhardán (suite) gan na cluichí rialta a bhriseadh.