An difríocht idir athruithe ar: "Abhacphláinéad"

Content deleted Content added
m Robot: zh:矮行星 is a good article; athruithe cosmaideacha
m Bot: Fixing redirects
Líne 1:
[[Íomhá:Ceres optimized.jpg|right|thumb|120px|[[Ceres (abhacphlainéad)|Ceres]]]]
[[Íomhá:Eris and dysnomia2.jpg|thumb|120px|[[Eris (abhacphláinéad)|Eris]]]]
Tugtar '''abhacphláinéad''' ar rinn neimhe a shásaíonn na coinníollacha seo thíos:
 
* tá sí ag fithisiú na [[An Ghrian|Gréine]]
* tá sí chomh trom téagartha is go bhfuil sí tar éis fórsaí an choirp righin a shárú, ionas go bhfuil cothromaíocht hidreastatach sroichte aici, agus í ar déanamh liathróide a bheag nó a mhór - is é sin, beagnach sféarúil ina cosúlacht
* níl sí in ann timpeallacht a fithise a ghlanadh, is é sin, tá reanna neimhe eile ag timpeallú na Gréine in aice a fithise
* ní [[gealach]] de chuid aon phláinéid í.
 
Tugadh an téarma seo isteach sa bhliain 2006. Bhítí tar éis teacht ar astaróidigh mhóra a bhí ar aon mhéid le [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]], nó níos mó ná é fós, sna réigiúin den spás atá taobh thiar de [[Neiptiún (pláinéad)|Neiptiún]] ([[Crios Kuiper]] agus [[Scamall Oort]]), agus bhí gá le haicmiú nua. Inniu, glactar leis go bhfuil cúig abhacphláinéad ann, mar atá, [[Ceres (abhacphlainéad)|Ceres]], [[Plútón (abhacphláinéad)|Plútón]], [[Makemake (abhacphláinéad)|Makemake]], Haumea, agus [[Eris (abhacphláinéad)|Eris]]. [[Réad tras-Neiptiúnach|Réadanna tras-Neiptiúnacha]] iad Plútón agus Eris, ach tá Ceres ag fithisiú na Gréine i gcrios na n-astaróideach idir [[Mars]] agus [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]].
 
{{stumpa}}